Domhnall Gleeson

aisteoir, stiúrthóir, agus scríbhneoir scannán Éireannach

Aisteoir, stiúrthóir agus scríbhneoir Éirennach is ea Domhnall Gleeson, a rugadh ar 12 Bealtaine 1983 i mBaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann. Tá páirteanna imeartha aige i scannáin agus san amharclann, agus thuill a ról ar Broadway in The Lieutenant of Inishmore ainmniúchán do Ghradam Tony sa bhliain 2006. Chuaigh sé ar an stáitse in Amharclann an Gheata, i mBaile Átha Cliath, leaganacha de American Buffalo agus Great Expectations.

Infotaula de personaDomhnall Gleeson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Bealtaine 1983
40 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Pobalscoil Íosa Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheMullach Íde
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Airde185 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir scripte, aisteoir, stiúrthóir, aisteoir teilifíse, aisteoir scannáin, scríbhneoir, aisteoir stáitse, stiúrthóir scannán Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2004 –
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairBrendan Gleeson
SiblínBrian Gleeson

IMDB: nm1727304 Allocine: 398314 Rottentomatoes: celebrity/domhnall_gleeson Allmovie: p559643 Metacritic: person/domhnall-gleeson TV.com: people/domhnall-gleeson IBDB: 414915
Musicbrainz: a031f60e-a20d-4c99-aaa0-9c7161cfe56f Discogs: 4128922 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Gleeson páirteach freisin i sraitheanna teilifíse dála The Last Furlong, Black Mirror, Your Bad Self. Ar na scannáin a raibh rólanna aige iontu tá Six Shooter, Studs, Boy Eats Girl agus Ex Machina. D'imir sé ról an ghinearáil gan trócaire úd Hux in Star Wars: Episode VII - The Force Awakens agus Star Wars: Episode VIII - The Last Jedi, chomh maith le páirt Bill Weasley sna scannáin Harry Potter and the Deathly Hallows - Cuid 1 agus Cuid 2, a rinneadh sna blianta 2010 agus 2011 faoi seach. Is mac le Brendan Gleeson é, aisteoir a rinne páirt an charachtair Alastor Moody sna scannáin Harry Potter.