An dealbhóir is fearr de dhealbhóirí luatha na Tuscáine, a rugadh i bhFirenze, ab ea Donatello (Donato di Betto Bardi, c 1386- 13 Nollaig 1466), agus an chéad duine riamh ón aois chlasaiceach a tháirg dealbha a bhí neamhspleách iomlán iontu féin.

Infotaula de personaDonatello

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(it) Donato di Niccolò di Betto Bardi
1386
Flórans Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Nollaig 1466 (Féilire Ghréagóra)
79/80 bliana d'aois
Flórans Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaBasilica of San Lorenzo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachIodálaigh
Gníomhaíocht
Réimse oibreDealbhóireacht
Suíomh oibre Flórans
Modena
Napoli
Pisa
Prato
Mantova
Ferrara
Lucca
Padua
An Róimh
Siena Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmdealbhóir, péintéir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1404 (Féilire Ghréagóra) –  1466 (Féilire Ghréagóra)
FostóirLorenzo Ghiberti (1400í–) Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraEalaín reiligiúnach, equestrian portrait (en) Aistrigh, portráid agus pictiúr miotaseolaíochta
GluaiseachtAn Renaissance luath
Catalogue raisonnéDonatello. Catalogo completo (1991) Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidBicci di Lorenzo agus Giovanni d'Ambrogio
Mac/iníon léinnBertoldo di Giovanni, Agostino di Duccio agus Nanni di Banco
TeangachaAn Iodáilis
Saothar
Saothar suntasach

Discogs: 2230632 Find a Grave: 7846114 Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig mórathrú ar an dealbhóireacht i bhFlórans i dtús an 15ú haois. Tharla sé sin i bhfad sular tharla aon athrú den chineál céanna i gcás na péintéireachta nó san ailtireacht agus bhí tionchar láidir ag Donatello ar na forbairtí móra a tháinig chun cinn níos déanaí.[1]

portráid Donatello sa 16ú haois

Saol cuir in eagar

D’oibrigh Donatello i bhFlórans, in Siena, in Padua agus i gcathairstáit eile. Faoi mar a deir Giorgio Vasari, a bheathaisnéisí ina thaobh:

‘Tá an saol chomh lomlán de shaothair Donatello gur féidir a rá nach raibh aon ealaíontóir eile chomh táirgiúil céanna leis.'

Deir Vasari freisin go raibh na buanna uile aige a mbeifí ag súil leo i nginias - nuálaíocht, cumas deartha agus cumas breithiúnais.

D'oibrigh Donatello do Chosimo de Medici, agus bhí sé mar chara ag Brunelleschi. Rinne sé a lán staidéar ar na seandealbha Rómhánacha agus ar anatamaíocht an duine chun go mbeadh cuma na beatha air. Ghearr sé suas coirp mharbha chun staidéar a dhéanamh ar na matáin agus na féitheoga.

Bhí saol fada ag Donatello. Bhí aois mhór aige (in aois 79 nó 80 dó?) nuair a fuair sé bás ar an 13 Nollaig 1466.

Modh oibre cuir in eagar

Cúlra cuir in eagar

Bhí clú agus cáil ar na Gréagaigh agus ar na Rómhánaigh de bharr a gcuid dealbh. De ghnáth bhí siad nocht. I rith na Meánaoiseanna, stop daoine ag déanamh na ndealbh seo. Bhí éadaigh orthu i gcónaí agus cuireadh sna séipéil iad. I rith an Renaissance, thosaigh siad ag déanamh aithrise (imitating) ar stíl na nGréagach arís.[2]

Bunaitheoir na dealbhóireachta nua-aoisí cuir in eagar

Luaitear Donatello mar bhunaitheoir na dealbhóireachta nua-aoisí.[3] Ní foláir nó gur chuir cur chuige Donatello iontas ar a chomhaimsirigh. Go dtí sin ní raibh aon taithí acu ach ar radhairc chaoine néata, ar nós Dícheannadh Eoin Baiste le Andrea Pisano ar dhoras theas na baistealainne, radharc atá geall le bheith cineálta i gcomparáid le ceann Donatello.

D’imir forbairt na peirspeictíochta sa dealbhóireacht, go háirithe i saothar Donatello Féasta Héaróid, tionchar mór ar ealaíontóirí eile. Tá an tionchar le feiceáil go soiléir i mBaistealann Fhlórans.

Saothair cuir in eagar

 
Naomh Seoirse agus an Dragan, seastán Naomh Seoirse, Museo del Bargello (Músaem Bargello), Flórans. (predella), timpeall 1416

Naomh Seoirse agus an Dragan cuir in eagar

Go dtí sin, ba sa phéintéireacht agus sa líníocht amháin a bhaintí leas as an bpeirspeictíocht. Ach in íomhá Donatello, feictear an naomh ag troid leis an dragan agus tírdhreach mar chúlra, rud a chruthaíonn spás dar leis an tsúil.[3]

 
Féasta Héaróid, umar an bhaiste (pila baptismal del baptisteri de Siena).

Bhí dealbhóireacht rilífe Donatello bunaithe ar rialacha na peirspeictíochta. Baineadh úsáid as an gcur chuige sin den chéad uair ar phainéal rílife faoi bhun dealbh de Naomh Seoirse i bhFlórans. Rilievo schiacciato a tugadh air (téarma a chiallaíonn rilíf leacaithe). Ba é an chéad uair a úsáideadh an pheirspeictíocht líneach aonphointe sa dealbhóireacht, stíl a bhí cruthaithe ag a chara, Brunelleschi.

Féasta Héaróid, umar an bhaiste cuir in eagar

Ba í an chéad rilíf i gcré-umha a chruthaigh Donatello ná radharc ó shaol Eoin Baiste ar cheann de shé phainéal mórthimpeall ar bhun umar an bhaiste i mbaistealann i Siena.[3][4]

Léiríonn Féasta Héaróid le Donatello féasta an tar éis dó iarraidh ar Shalomé álainn rince a dhéanamh dó. Toileann sí an damhsa a dhéanamh ach cloigeann Eoin Baiste a fháil di ar mhias. Léiríonn an radharc an dianmhothú agus an t-uafás ar aghaidh Héaróid nuair a bronnadh an cloigeann air. Leanann Salomé (atá gléasta in éadach clasaiceach) uirthi ag rince léi agus míníonn a máthair an scéal do Héaród.

 
"Dáibhí", an dealbh chré-umha de Dháibhí (1440idí)

Dealbhóireacht saorsheasaimh ː Dáibhí cuir in eagar

 
"Dáibhí" an chéad leagan (1408–1409)

D’éirigh le Donatello sa rud a chuir sé roimhe, ní maisiúchán ailtireachta amháin a bhí sa dealbhóireacht níos mó. Go áirithe, ba é an chéad ealaíontóir ó bhí an tseanaimsir ann a raibh de dhánacht dealbh thríthoiseach lánmhéide a dhéanamh agus é lomnocht, "Dáibhí".[5][1] Tá an dealbh chré-umha de Dháibhí (1440idí) ar cheann de na dealbha is tábhachtaí de chuid ré an Luath-Renaissance.

Cé is móite dá hata agus dá loirgnéain, tá sé lomnocht. Tugann a dhéanamh caoin an litir ‘S’ chun cuimhne agus meabhraíonn sé dealbha na Sean-Ghréige dúinn dá bharr. Ach sin tús agus deireadh na cosúlachta.

Ní haon dia Gréagach é an déagóir seo ná níl sé cosúil ar shlí ar bith le lomnochtáin chumhachtacha na seanaimsire. Eisceacht is ea leagan Donatello de laoch óg an tSean-Tiomna ina bhfaigheann an óige an lámh in uachtar ar an tseanaois. Rud íonghlan do-éillithe is ea an óige chéanna.

Tá an léiriú a dhéantar ar an ógánach piteánta, mothaíoch agus caoin, ach is duine ceart é, mar sin féin. Tá dromchla na deilbhe an-nádúrtha, é an-snasta agus loinnir dhúghorm ar an gcolainn chun míneadas chneas an ógánaigh a léiriú. Tá contrárthacht láidir idir an dromchla mín sin agus gairbhe na gruaige agus an hata.

Sheas an dealbh chré-umha i gclós chúirt Phálás na Medici ar feadh na mblianta. Tá cos an ógánaigh ina luí go neafaiseach ar chloigeann scoite Ghóla - samhail de shíor-chomhrac theaghlach Medici chun cathairstát beag Fhlórans a chosaint ar a naimhde cumhachtacha.

 
Dealbh Naomh Seoirse, Or San Michele, Firenze
 
Máire Mhaigdiléana
 
Máire Mhaigdiléana

Máire Mhaigdiléana cuir in eagar

As saothair dhéanacha Donatello is cinnte gurb í fíor thragóideach Mháire Mhaigdiléana (1453–1455).[6][1] As adhmad péinteáilte atá an dealbh sin déanta. Tá súile gorma brónacha ag stánadh amach as na logaill tholla, na beola ar oscailt beagán agus a cuid fiacla bána briste le feiceáil. Níl scioltar feola ar na leicne agus gobann na cnámha amach astu. Tá stríocaí buí ina cuid gruaige aici agus an ghruaig féin in aimhréidh agus táite le chéile.

Naomh Marcas is Naomh Seoirse cuir in eagar

I measc a shárshaothar eile, tá dealbha marmair Naomh Marcas is Naomh Seoirse taobh amuigh d'Or San Michele i bhFirenze (Flórans).

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 forasnagaeilge.ie (2014). "CAIBIDIL 27 - Tuiscint don Ealaín le Áine Ní Charthaigh agus Aidan O'Sullivanː". Dáta rochtana: 2020.
  2. cogg.ie. "Ó chlochaois go spásrás". Dáta rochtana: 2020.
  3. 3.0 3.1 3.2 forasnagaeilge.ie. "Caibidil 21 - Tuiscint don Ealaín le Áine Ní Charthaigh agus Aidan O'Sullivanː EALAÍN NA hEORPA - DEALBHÓIREACHT RILÍFE". Dáta rochtana: 2020.
  4. "The Feast of Herod (Donatello)" (as en) (2019-11-02). Wikipedia. 
  5. "David (Donatello)" (as en) (2020-12-13). Wikipedia. 
  6. "Penitent Magdalene (Donatello)" (as en) (2020-12-06). Wikipedia. 
  7. Hussey, Matt (2011). "Donatello". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 220.