Donnchadh Ó Cearbhaill

taoiseach Éireannach
(Athsheolta ó Donnchad Ua Cerbaill)

Oiriall ba ea Donnchadh Ó Cearbhaill (Meán-Ghaeilge Donnchad Ua Cerbaill, fl. 1130í – 1168. Leasdheartháir Thiarnáin Uí Ruairc, rí Bhréifne, ba ea é.

Infotaula de personaDonnchadh Ó Cearbhaill
Beathaisnéis
Bás1168 (Féilire Ghréagóra)
Oirialla
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata

Thug Ó Cearbhaill tacaíocht don ghluaiseacht leasaithe reiligiúnaigh den 11ú haois. Dlúthchomrádaí ba ea é le Naomh Maolmhaodhóg, agus bhunaigh siad le chéile an Mhainistir Mhór, an chéad mhinistir Chistéirseach tógtha in Éirinn. Ba eisean a bhí taobh thiar de bhunuithe déanta ag an ord Arrouaisiach i mBaile , Mainistir an Chnoic agus Tearmann Feichín.

Bhí ról lárnach ag Donnchadh, agus Muircheartach Mac Lochlainn, Ardrí na hÉireann, á dhíbirt, óir go ndearna sé mac altrama Donnchadha, Eochaidh Mac Duinn Sléibhe, rí Ulad, a dhalladh sa bhliain 1166, in ainneoin mhíonna. I ndiaidh sin, rinne sé rí Thír Eoghain d'Aodh an Macaomh Tóinleasc.

Polaiteoir den scoth ba ea Ó Cearbhaill, ar chéim aige idir áitiúil agus réigiúnach. Lena bhunuithe reiligiúnacha, cheangal sé a leas féin le leas an ghluaiseacht chreidimh, rud a chuidigh a choncais a neartú. Agus na suíomhanna creidimh scartha óna taoisigh áitiúla, chur sé cosc lena n-úsáid mar ionaid fhreasúra, agus chruthaigh sé leas bunaithe go gcoinneodh na hoird chreidimh an status quo.

Le linn an tréimhse neamhsheasmhachta darb ainm "Ardrí go bhfreasúra", bhí Ó Cearbhaill in ann a riocht a mhéadú. Ón am Shionad Ráth Bhreasail sa bhliain 1111 go dtí na 1130í, agus Cineál Fhearadhaigh Theas, dream cumhachtach den Cineál Eoghain á bhrú i ngleann Chlochair, bhog sé lárionad a chuid cumhachta ó dheas laistigh d'Oirialla. Bhí ar a chumas fo-ríocht na nUlad, Conaille Muirtheimhne, maraon le fo-ríocht na Mí, Chiannachta Fhir Arda, a thógaint faoina cheannas. Bhunaigh sé a bhunáit i bhFearnaigh.

Dála na n-athruithe seo, aistríodh Contae Lú ó Ard-Deoise Ard Mhacha go Deoise Chlochair le 50 bliain idir c. 1140 go c. 1190. Le linn na tréimhse sin, ghlaoití Easpag Chlochair ('Easpag Oiriall' go minic sna hannála) ar Easpag Lú. Tar éis na bliana 1193 nuair a aistríodh Contae Lú ar ais go hArd Mhacha, cuireadh an teideal Easpag Chlochair i réim arís. Faoin am sin, bhí an ruaig curtha ar Uíbh Chearbhaill agus bhuaigh na Normannaigh Contae Lú.

Foinsí cuir in eagar

  • A New History of Ireland, imleabhar 1, 2008. ISBN 978-0-19-922665-8
    • High-Kings with Opposition, 1072-1166, Marie Therese Flanagan
    • Latin Learning and Literature in Ireland, 1169-1500, A. B. Scott
    • "Church and Politics, c.750-c.1100", Francis John Byrne
  • "Ua Cerbaill, Donnchad", ll. 565–566, Aidan Breen, in Dictionary of Irish Biography from the Earliest Times to the Year 2002: imleabhar 9, Staines - Z, eagraithe ag James McGuire agus James Quinn, Cambridge, 2010.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar