Donnchadh Donn

rí Éireannach

Rí na Mí agus Ardrí na hÉireann ba ea Donnchadh Donn mac Flainn (Meán-Ghaeilge Donnchad) (bás 944). Ba bhall é de Chlann Cholmáin, Uí Néill an Deiscirt.

Infotaula de personaDonnchadh Donn
Beathaisnéis
Breith9 haois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás944 (Féilire Ghréagóra)

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
919 – 944
← Niall Glúndubh mac AodhaCongalach Cnogba → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachClann Cholmáin Cuir in eagar ar Wikidata
CéileÓrla ní Chinnéide
Dub Lémna ingen Tighearnáin Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDomnall (?)
 ( )
Flann (?)
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFland Mac Máel Sechnaill  agus Gormlaith ingen Flann mac Conaing
SiblínGormflaith ingen Flann Sinna
Duine muintearthaMáel Sechnaill mac Domnaill (garmhac) Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol cuir in eagar

Ardrí Flann Sionna ba ea athair Dhonnchadh, agus Gormlaith ní Fhlainn mhic Conainge a mháthair.[1] Ní fios cathain a rugadh é, ach is léir gur dhuine fásta é sa bhliain 904, nuair a fheictear é mar cheannaire (sin nó mar dhea) troda curtha ar a athair ag Ceanannas. De réir Annála Uladh, bhain Flann a gcinn de chomrádaí Dhonnchadha Flann, agus gur sháraigh sé sanctóir Cheanannais i mbun Donnchadh a ghabháil.[2]

Thug Donnchadh dúshlán eile a athair sa bhliain 915, tacaithe lena dheartháir, Conchúr, ach chuir Niall Glúndubh, fear céile a dheirféir, an t-éirí amach seo faoi chois. Nuair a fuair Flann bás sa bhliain 916, tháinig Niall i gcomharbacht mar rí na Teamhrach, agus Conchúr mar rí na Mí.

Maraíodh idir Niall agus Chonchúr ar an 14ú Meán Fómhair 919, i mbun catha in éadan na nGall — Lochlannaigh agus Gael Lochlannaigh — at Áth Cliath. Maraíodh fosta fear céile dheirfiúr Donnchadha, Máel Mithig mac Flannacáin; nia Néill Glúnduibh agus rídhamhna Flaithbertach mac Domnaill; "agus go leor uaisle eile".[3]

Réimeas cuir in eagar

Tháinig Donnchadh i gcoróin mar rí na Mí agus Ardrí na hÉireann. Ar an dtoirt, rinne sé a dheartháir Aodh a dhallú.[3] Dhá bhliain ina dhiaidh sin, rinne sé deartháir eile a mharú, mar a deirtear sna hannála: "Maraíodh go fealltach Domhnall garmhac Mhaoil Seachnaill ag a dheartháir Donnchadh, Rua a bhí feiliúnach."[4] Roinnt blianta níos deireanaí, rinne Donnchadh a nia, Maol Rúnaí mac Conchúir, a mharú.[5]

Chuaigh Donnchadha ar feachtas don chéad uair in éadan arm nGall i gContae Lú, "i torchair ár n-dímhár" (thit ár ollmhór).[6]

Seachas sin, áfach, ba é Muircheartach mac Néill, rí Ailigh, "Eactair an Domhain Thiar" an té a fheictear sna hannála ag tríd in aghaidh na nGall. Bhí teannas idir Donnchadha agus Muircheartach, fear céile a iníon, agus tuairiscítear coimhlint eatarthu sna blianta 927, 929 agus 938. Fuair bean chéile Muircheartaigh bás sa bhliain 940. Sa bhliain 941, rinne Muircheartach creach ar an Mí, na hOsraí agus an Mumhain, agus thóg sé rí na Mumhan Ceallachán Caisil mar ghiall, um mhéad a chumhachta agus údarás teoranta Dhonnchadha a léiriú. Is dóigh gur ndéanfadh Ardrí de Mhuircheartach, ach gur éag i mbun catha in éadan na nGall ar an 26ú Feabhra 943.[7]

Tar éis bhás Dhonnchadha, thing a nia Congalach Cnogba de Shíol Aodha Sláine i gcomharbacht air mar Rí na Teamhrach, agus a mhac Aonghas mar rí na Mí.

Teaghlach cuir in eagar

Bhí triúr ban céile ag Donnchadh.

Tugann Charles Doherty faoi ndeara gur bhaill de theaghlaigh ag teacht i dtreis sna 11ú agus 12ú haoiseanna iad mná céile Donnchadha: Uí Chanannáin Tír Chonaill, an Dál gCais as Tuadhmhumhain, agus Uí Ruairc Bréifne.

Bhí ar a laghad triúr mac ag Donnchadh, san áireamh:

  • Conn (bás 944)
  • Aonghas, a chomharba (bás 945)
  • Domhnall Donn (bás 952), athair Maol Seachnaill, Ardrí amach ansin.

Bhí beirt iníonacha aige

  • Flann (bás 940), bean chéile Mhuircheartaigh
  • Aoibhinn (bás 952).

Ní raibh ach lán-deirfiúr amháin aige ina chlann a bhfuil aithne uirthi, Gormflaith ingen Flann Sinna (c.870–948), banríon na Teamhrach.

Craobh ghinealaigh cuir in eagar

        Gormlaith ingen Flann mac Conaing = Flann Sinna = other wives.
                                          |             |
     _____________________________________|____         |________________________________________________________________
    |                                          |        |        |             |       |    |          |        |       |
    |                                          |        |        |             |       |    |          |        |       |
    Donnchad Donn                       Gormflaith Cerball Máel Ruanaid  Óengus  Áed Conchobar Donnell Lígach Muirgel
  = Cainnech ingen Canannán (d. 929)
  = Órlaith íngen Cennétig (ex. 941)
  = Dub Lemna ingen Tighearnáin (d. 943)
    |
    |_________________________________________________________________________________________
    |              |                  |                          |                         |
    |              |                  |                          |                         |
    Donn (d. 944)  Óengus (died 945) Domnall Donn (died 952) Flann (died 940)          Óebfhinn (died 952).
                                      |                        = Muirechertach mac Néill
                                      |                          |
                                      |                          |
                      Máel Sechnaill mac Domnaill Domnall ua Néill
Réamhtheachtaí
Conchobar mac Flainn
Rí Mí
919–944
Comharba
Oengus mac Donnchada

Foinsí cuir in eagar

  • "Annála Uladh, imleabhar 1". Corpus of Electronic Texts. Dáta rochtana: 10ú Feabhra 2007.
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • "Donnchad Donn mac Flainn (d. 944)". Oxford Dictionary of National Biography. Oxford University Press. Dáta rochtana: 15ú Feabhra 2007.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Doherty.
  2. Annála Uladh, AU 904.
  3. 3.0 3.1 AU 919.
  4. AU 921.
  5. AU 928.
  6. AU 920.
  7. AU 943.