Dorothy Stopford-Price

dochtúir Éireannach

Lia as Baile Átha Cliath ba ea Dorothy Stopford-Price (9 Meán Fómhair 189030 Eanáir 1954). Saineolaí ar an eitinn ar leanaí ab ea í, agus an chéad duine a thug an vacsaín BCG go hÉirinn sa bhliain 1937.[1][2][3][4][5]

Infotaula de personaDorothy Stopford-Price
Beathaisnéis
Breith8 Meán Fómhair 1890
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Eanáir 1954
63 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmdochtúir leighis Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Suíomh a chartlainne

Saol cuir in eagar

B'iníon í le Jemmet Stopford agus Constance Kennedy. Neacht í leis an staraí Alice Stopford Green.[6] Ar fhaitíos go labhródh Dorothy le blas na nGael d’fhostaigh a muintir múinteoir ó Shasana di.

Poblachtach ba ea í, in aghaidh an Chonartha sa bhliain 1922.

Casadh uirthi in 1923 Liam Price, breitheamh agus ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh.

Phós siad in 1925. Ní raibh aon chlann acu.

Eitinn cuir in eagar

Ó 1932 go dtí lá a báis, chaithfeadh Stopford-Price a fuinneamh ag troid in aghaidh na heitinne. Ba í an t-údarás ba mhó in Éirinn í i dtaobh an ghalair sin i measc na bpáistí.

Ba í ba thúisce in Éirinn a mhol go n-úsáidfí BCG. Sna 1930idí. thaisteal Stopford-Price go dtí an Ostair, An Ghearmáin agus an tSualainn, srl[4] chun tuiscint níos fearr a fháil ar mhodhanna nua sa mhíochaine choisctheach agus sa vacsaíniú.

Ar ais in Éirinn, thug sí an BCG nua isteach in Ospidéal Naomh Ultán le haghaidh trialach ar ghrúpa beag leanaí in 1938.[7] Níor sháraigh sí gach constaic a bhí roimpi. Mar shampla, chuir an tArdeaspag John Charles McQuaid isteach ar an bhfeachtas a bhí ar siúl ag Stopford-Price.[6] Níl ach sa bhliain 1948 a d'éirigh Stopford-Price ina cathaoirleach ar an gCoiste Náisiúnta  BCG.

Bás agus oidhreacht cuir in eagar

Bhuail stróc í sa bhliain 1950 agus ceann eile, marfach, in 1954. Ní raibh sí ach 63 bliain d'aois. Tá sí curtha i Reilig San Mhaolruain i dTamhlacht.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. J B Lyons (1978). "Brief Lives of Irish Doctors" (en-IE). www.abebooks.co.uk. Dáta rochtana: 2023-02-15.
  2. Tuairisc.ie (11 Feabhra 2023). "Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht á cheiliúradh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-12.
  3. Cartlann National Library of Ireland. "Dorothy Stopford Price Papers." (en-IE). catalogue.nli.ie. Dáta rochtana: 2023-02-15.
  4. 4.0 4.1 "Price, Dorothy Stopford- | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-02-15.
  5. Anne MacLellan. "Dorothy Stopford Price: Rebel Doctor" (en-IE). Irish Academic Press. Dáta rochtana: 2023-02-15.
  6. 6.0 6.1 "PRICE, Liam (1891–1967)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-02-15.
  7. mna100.ie. "1940idí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-12-12. Dáta rochtana: 2023.