Bród Átha Cliath

(Athsheolta ó Dublin Pride)

Sraith bhliantúil imeachtaí a cheiliúrann an saol leispiach, aerach, déghnéasach, agus trasinscneach (LADT̟+) is ea Bród Átha CliathDublin Pride[1] (Dublin LGBTQ Pride Festival). Is é an fhéile is mó dá chineál in Éirinn, agus í á thionól i mí Meithimh gach bliain. Is buaicphointe na féile í paráid mhórtais i lár Bhaile Átha Cliath.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBród Átha Cliath
Íomhá
CineálBród aerach
ócáid bhliantúil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1983 - 
SuíomhBaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáindublinpride.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Bród aerach, Dublin Pride 2015

D'fhás an fhéile as imeacht amháin sa bhliain 1974 go féile il-laethúil inniu. Tá ról na n-ealaín, cultúir, agus an tsaoil shóisialta, go háirithe, méadaithe go mór ann ó shin.

Stair cuir in eagar

Bród i mBÁC 2019, DUBLIN PRIDE FESTIVAL, "Remember Stonewall"

Tharla an chéad agóid LADT+ i mBaile Átha Cliath ar an 27 Meitheamh 1974.[2] Chuaigh deichniúr (an Seanadóir David Norris san áireamh) ar mhórshiúl ón Roinn Dlí agus Cirt go dtí Ambasáid na Breataine chun agóid a dhéanamh in aghaidh choiriúlú na homaighnéasachta (iarsma ó na dlíthe coilíneachta).

Tharla an chéad mhórfhorbairt eile i 1983. Le linn an tsamhraidh  i 1982, buaileadh a lán fir aeracha agus déghnéasacha in ionsaithe homafóbacha i mBaile Átha Cliath.[2] Ar an 9 Meán Fómhair 1982, buaileadh fear óg darbh ainm Declan Flynn chomh dona sin go bhfuair sé bás ina dhiaidh sin. D'ainneoin gur admhaigh beirt den chúigear ionsaitheoirí gur ionsaigh siad timpeall 20 duine LADT+ thar an tréimhse sé seachtaine, scaoileadh saor gach duine den chúigear agus gearradh pianbhreith ar fionraí orthu.[3] Ag an am céanna, gearradh téarma príosúin 12 mhí ar fhear a ghoid sparán. Dúirt an breitheamh i gcás Flynn 'nach bhféadfaí é seo a mheas mar dhúnmharú riamh' (‘this could never be regarded as murder’) agus nach raibh ‘aon chineál pionóis’ (‘no element of correction’) ag teastáil maidir leis na fir.

Bhí an-imní ar dhaoine LADT+ faoin toradh. Mar thoradh ar sin, tharla an agóid ba mhó ar son cearta LADT+ go dtí sin. Dé Sathairn, 19 Márta 1983, tar éis an bhreithiúnais, chuaigh na céadta duine ar mhórshiúl ó Halla na Saoirse go Páirc Fhionnradhairc (áit ar maraíodh Declan).[2]

Bród Átha Cliath 2013

Tharla an chéad Pharáid Bród i mBaile Átha Cliath i mí an Mheithimh an bhliain sin, 1983. Ó shin i leith, tá Bród Bhaile Átha Cliath ag dul ó neart go neart agus glacann na mílte agus na mílte duine páirt ann gach bliain.[4]  

Conspóid cuir in eagar

Sa bhliain 2022, d'fhógair Bród Bhaile Átha Cliath inné go raibh deireadh curtha maolabhrach acu leis an gcaidreamh oifigiúil le RTÉ mar gheall ar an allagar faoin bpobal trasinsnceach ar an gclár raidió Liveline (le Joe Duffy). Chuir siad i leith RTÉ go raibh an eagraíocht "ag gríosú thine na reitrice in aghaidh an phobail thrasinscnigh."[5]

Ach thug RTÉ le fios go mbaineann plé poiblí - bíodh sé míthaitneamhach, deacair agus conspóideach uaireanta - go mbaineann a leithéid go smior le feidhm na heagraíochta de réir dualgais.[5]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. nó Bród Bhaile Átha Cliath
  2. 2.0 2.1 2.2 Irish National Teachers Organisation / https://into.ie/+(2022).+"Bród agus an troid ar son cearta comhionanna". Dáta rochtana: 2022.
  3. B'ionann pianbhreith ar fionraí agus a rá nach mbeadh orthu dul isteach sa phríosún ach amháin dá ndéanfaidís rud éigin mícheart eile.
  4. "https://twitter.com/gaylgeoiri" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2022-06-25.
  5. 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2022-06-15). ""Díomá ar RTÉ" faoi chinneadh lucht na féile Bród" (as ga).