Eímear Noone
Is stiúrthóir agus cumadóir ceoil í Eímear Noone, a rugadh i gContae na Gaillimhe sa bhliain 1977/1978.[1] Tá ceol cumtha aici do réimse leathan scannán agus cluichí físeáin.[2] Tá portfóilió ollmhór de scóir scannán agus cluichí físeáin aici.[3] Mar dhuine de phríomh-chumadóirí scóir na gcluichí ar domhan, tá Noone freagrach as cuid de na fuaimdhreacha is buaine ar World of Warcraft.[4]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1970í 37/47 bliana d'aois Cill Chonaill ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ![]() |
Áit chónaithe | Malibu |
Gníomhaíocht | |
Gairm | cumadóir, stiúrthóir ceolfhoirne ![]() |
Fostóir | Ollscoil California, Los Angeles ![]() |
Teangacha | Béarla |
Suíomh gréasáin | eimearnoonemusic.com ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() |

Is as Cill Chonaill, Co. na Gaillimhe, di ó dhúchas. Is in Los Angeles agus i mBaile Átha Cliath atá cónaí ar Noone.
Is iomaí gradam de chuid an tionscail ceoil atá buaite ag Noone, Gradam Hollywood Music in Media don Scór is Fearr do Chluiche Físeáin ina measc. Rinne sí gaisce i mí Feabhra 2020 nuair a bhí sí ar an gcéad bhean a stiúir an cheolfhoireann ag ócáid bhronnta Ghradaim Acadamh Ealaíon agus Eolaíochtaí na Scannán (Gradaim Oscar). Bhronn Ollscoil na Gaillimhe Dochtúireacht (oinigh) uirthi in 2020.[5][6]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Conductor and composer Eímear Noone: ‘When I was 19, a conductor told me that I hadn’t a chance at a career’" (en). www.independent.ie (2021-07-11). Dáta rochtana: 2025-01-10.
- ↑ "June - University of Galway". nuigalwayie-cms01-test.terminalfour.net. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-01-09. Dáta rochtana: 2025-01-09.
- ↑ "Eímear Noone | PolyArts" (en). www.polyarts.co.uk (2018-03-05). Dáta rochtana: 2025-01-10.
- ↑ 4.0 4.1 "Féile Ealaíne Idirnáisiúnta na Gaillimhe agus Róisín Dubh ag fógairt Stewart Copeland mar an gníomh deiridh de chuid Heineken® Big Top 2024 | Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe" (ga). www.giaf.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-01-09. Dáta rochtana: 2025-01-09.
- ↑ "An scannánóir aitheanta Bob Quinn i measc chéimithe oinigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 2021" (ga-IE). Tuairisc.ie (2020-12-09). Dáta rochtana: 2025-01-09.
- ↑ Ollscoil na Gaillimhe (2020). "December 2020 - University of Galway". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2025-01-09.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |