An tEagar Ollmhór

(Athsheolta ó Eagar Ollmhór)

Is é an tEagar Ollmhór[1] an radaiteileascóp is mó ar Domhan, gar do Socorro, Nua-Mheicsiceo. Tá 27 mias glactha sa VLA (cró ollmhór), gach ceann níos mó ná 45 m ar trastomhas agus iad nasctha le chéile go leictreonach. Táthar tar éis Mars agus Satarn is a fháinní a mhapáil le radar tríd an radaiteileascóp seo a úsáid mar ghlacadóir, agus na bíoga scanaidh a tharchur ó aonad de chuid NASA i nGoldstone, California ar dtús. Tá staidéar á dhéanamh freisin ar struchtúir na néalta gásach inár réaltra, agus radairéaltraí is cuasáir i bhfad i gcéin.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. “VLA” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-11.
  2. Hussey, Matt (2011). "Eagar Ollmhór". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 230.