Eagraíocht an Ghéanóim Dhaonna

Is é Eagraíocht an Ghéanóim Dhaonna (HUGO) an chéad ghrúpa idirnáisiúnta chun gníomhaíochtaí a bhaineann le scéim an ghéanóim dhaonna a chomhordú. Bunaíodh i 1989 í, agus eagraíonn sí saotharlanna, rochtain ar bhunachair sonraí, scaipeadh eolais, agus bróicéireacht ar mhaoiniú speisialta. A lárionad sa Ghinéiv, agus an phríomhoifig i Londain.