Tá an dealbhóireacht i bhfo-ilchríoch na hIndia ón réamhstair tábhachtach, ach tosaíonn an taifead stairiúil ar an ealaín sa 3ú céad RC le linn réimeas Ashoka (264-23 RC). Maisíodh stúpaí (tulacha créafóige) Búdacha le dealbhóireacht rilífe ón 1ú céad. Sa 2ú-6ú céad rinneadh dealbhóireacht fhíortha ag Ganhara, ag taispeáint tionchair Ghréagaigh a tháinig tríd an Éigipt is an tSiria. Sa tréimhse chéanna rinneadh múrmhaisithe sármhaisithe Búdacha in Ajanta. Glactar le tréimhse Gupta (4ú-5ú céad) mar an tréimhse chlasaiceach i sibhialtacht na hIndia, sa litríocht ach go háirithe, ach níl mórán riain den ealaín radharcach ansin fágtha. Shroich an tionchar Ioslamach sna healaíona an India faoi na himpirí Mógalacha sa 17ú céad.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín na hIndia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 233.