Earrach na bPobal

sraith corraíl pholaitiúil ar fud na hEorpa in 1848 -49


Sa stair, tugtar Earrach na bPobal (ar a dtugtar freisin an t-ainm Earrach na NáisiúnBliain na Réabhlóidí, i roinnt tíortha) ar an dtréimhse 1848/49, mar go raibh ceannaircí agus réabhlóidí fairsing ann a d'fhág Iarthar na hEorpa beagnach uilig ina chíor tuathail.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEarrach na bPobal
Íomhá
Cineálrevolutionary wave (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1848 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é an chéad (agus an t-aonú) uair ar thit údarás traidisiúnta fud fad na hEorpa, ach bhí laistigh de bhliain amháin bhain fórsaí frithghníomhacha an bua amach agus theip ar na réabhlóidí. Thosaigh tonn seo na réabhlóide sa Fhrainc i mí Feabhra; bhuail an tonn an chuid is mó den Eoraip agus páirteanna den Mheiriceá Laidineach taobh istigh de chúpla mí. A ch ní raibh aon comhordú nó comhoibriú i measc na réabhlóidithe sna tíortha éagsúla. Bhí cúig toisc bainteach léi: míshástacht fhorleathan an phobail leis an cheannaireacht pholaitiúil; éileamh ar rannpháirtíocht agus daonlathas; éilimh an lucht oibre; borradh an náisiúnachais; agus ar deireadh, athghrúpáil na bhfórsaí frithghníomhaca na ríogaí, na n-uasaicmí, an airm, agus na dtuathánach. Bhí comhghuaillíochtaí éagobhsaí 'ad hoc' i gceannas ar na ceannaircigh; leasaitheoirí, meánaicmí agus oibrithe, nach bhféadfaí fanacht le chéile ach ar feadh seal.

Maraíodh na mílte daoine agus bhí d'iachall ar go leor eile dul ar deoraíocht. An rud is suntaisí a d'éirigh as ná gur cuireadh deireadh leis an seirfeachas san Ostair agus san Ungáir. Tharla na réabhlóidí is tábhachtaí sa Fhrainc, san Ghearmáin, san Iodáil, agus san Ostair, ach níor sé an Rúis, an Bhreatain Mhór, nó na Stát Aontaithe.

Forógra na gCumannach (1848)

Fréamh sa stair cuir in eagar

D'eascair na réabhlóidí seo ó réimse leathan cúiseanna agus mar gheall ar sin bíonn sé deacair breathnú orthu mar thoradh ar ghluaiseacht comhleanúnach nó ar fheiniméan sóisialta. Bhí athruithe iomadúla ag titim amach sa tsochaí ar fud na hEorpa sa chéad leath den 19ú haois. Bhí idir leasaitheoirí liobrálacha agus polaiteoirí radacacha ag athmhúnlú rialtais náisiúnta. Bhí athraithe réabhlóideacha ag teacht ar shaol an lucht oibre de bharr athruithe teicneolaíochta. Leathnaigh an preas móréilimh feasacht pholaitiúil an phobail, agus d'eascair luachanna agus smaointe nua cosúil leis an liobrálachas pobail, náisiúnachas agus sóisialachas amach as. Leagann roinnt staraithe béim ar theip thromchúiseach na mbarr, go háirithe iad siúd sa bhliain 1846, a bhronn cruatan i measc na tuathánaigh agus bochtáin uirbeach an lucht oibre.

Bhí líon mór d'uaisle na tíre míshásta le absalóideachas ríoga nó gar-absalóideachas. Sa bhliain 1846 tharla éirí amach i measc uaisle na Polainne sa Ghailís Ostarach, ach theip orthu mar gur throid na tuathánaigh, ina dhiaidh sin, i gcoinne na n-uasal. Ina theannta sin, d'éirigh fórsaí daonlathacha amach i gcoinne na Prúise sa Pholainn Mhór.

Ansin thosaigh na meánaicmí ag corraigh. Bhí spriocanna an lucht oibre de ghnáth ar aon dul le spriocanna na meánaicmí. Scríobh Karl Marx agus Friedrich Engels ar iarratas an Chonartha Cumannach i Londain (eagraíocht comhdhéanta go príomha de oibrithe Gearmánacha) an Forógra Cumannach (a foilsíodh i nGearmáinis i Londain ar an 21 Feabhra, 1848).[1][2] D'eisigh siad a gcuid "Éilimh Pháirtí Cumannach na Gearmáine" ó Pháras i mí na Márta 1848; níor áitigh an paimfléad ach aontú na Gearmáine, vótáil chomhchoiteann, díothú na ndualgas feodach, agus spriocanna den chineál céanna is a bhí ag na meánaicmí.

Chomhroinn na meánaicmí agus an lucht oibre an mhian chéanna le haghaidh athchóirithe, agus d'aontaigh siad ar go leor de na haidhmeanna ar leith. Bhí a rannpháirtíocht sna réabhlóidí éagsúil óna chéile áfach. Tharla na céad ceannaircí sna cathracha.

Oibrithe uirbeacha cuir in eagar

D'fhás daonra na gceantar tuaithe sa bhFrainc go tapa, agus bhí ar go leor tuathánach an fearann a fhágáil agus dul ag lorg oibre sna cathracha. Bhí eagla ar a lán den bourgeoisie roimh oibrithe bochta. Shaoirsigh go leor de na hoibrithe neamhoilte 12-15 uair an chloig in aghaidh an lae nuair a bhí obair acu, ina gcónaí faoi chúinsí suaracha brocacha, agus iad lonnaithe i bplódcheantair galar-mharcaíochta. Bhraith na ceardaithe traidisiúnta brú na dtionsclaíocht, agus iad ag cailleadh a gcuid ceardchuallachtaí. Mhéadaigh mealltacht theachtaireachtaí na réabhlóidithe ar nós Marx agus ar lucht leanúna.

Bhí an staid sna stáit Gearmánacha mar an gcéanna. Cuireadh tús leis an tionsclaíocht i bpáirteanna den Phrúis. I rith na deich mbliana de na 1840idí sholáthair táirgeadh meicnithe i dtionscal na teicstíle éadaí saor, a bhí in ann sladghearradh a dhéanamh ar tháirgí lámhdhéanta na dtáilliúirí Gearmánacha. Leasaíodh na gnéithe is lú a raibh gean air den fheodachas tuaithe, ach d'fhan oibrithe tionsclaíocha míshásta leis seo agus bhrúigh siad ar aghaidh i gcomhair athraithe níos mó.

Ceantair tuaithe cuir in eagar

Ba chúis le fás daonra tuaithe ganntanas bia, brú talamh, agus imirce, laistigh den Eoraip agus amach as an Eoraip, go háirithe go Meiriceá Thuaidh. Sna blianta 1845 agus 1846, ba chúis le dúchan prátaí géarchéim cothaithe i dTuaisceart na hEorpa. Bhí éifeachtaí an dúchain le feiscint go mór mór sa Ghorta Mór in Éirinn], agus d'fhulaing Garbhchríochta na hAlban agus Roinn na hEorpa ón ngalar céanna.

Ba ionann saibhreas na n-uasal (agus a gcumhacht comhfhreagrach) agus úinéireacht tailte feirme agus rialú éifeachtach na dtuathánach. Phléasc gearáin na dtuathánach amach i rith na bliana réabhlóideach 1848.

Ról na smaointe cuir in eagar

In ainneoin iarrachtaí forbhríocha agus go minic foréigneacha na gcumhachtaí bhfrithghníomhaithe chun iad a choinneáil smachtaithe, tháinig bláth agus tóir ar smaointe lucht na ndaonlathach, na liobrálaithe, na náisiúnaithe, agus na sóisialaithe.

I dteanga na 1840idí, chiallaigh an daonlathas vótáil chomhchoiteann fireann. chiallaigh an liobrálachas go bunúsach toiliú díobh siúd atá faoina rialú agus srian ar chumhacht na heaglaise agus an stáit, rialtas poblachtach, saoirse an phreasa agus an duine aonair. Chreid náisiúnaithe gur cheart daoine a chomhroinn (roinnt meascán de) teangacha coitianta, cultúr, reiligiún, stair i bpáirt, agus tíreolaíocht, a aontú le chéile; bhí gluaiseachtaí iridinteacha ann chomh maith. Ag an am seo, bhí an Ghearmáin agus an Iodáil ina mbailiúcháin de stáit bheaga. Ní raibh sainmhíniú comhaontaithe ar an téarma 'sóisialachas' sna 1840í, chiallaigh sé rudaí éagsúla do dhaoine éagsúla, ach d'úsáideadh é de ghnáth laistigh de chomhthéacs 'níos mó cumhachta d'oibrithe i gcóras bunaithe ar úinéireacht na n-oibrithe ar na modhanna táirgeachta.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. connollybooks.org. "Clár na Comharsheilbhe - Forógra na gCumannach le Karl Marx agus Friedrich Engels". Connolly Books. Dáta rochtana: 2022-02-22.
  2. Seosamh Ó Murchú (1987). "Review of Clár na Comharsheilbhe: Forógra na gCumannach". Comhar, ar fáil ar jstor.org inniu 46 (10): 36–37. doi:10.2307/20556349. ISSN 0010-2369.