Is eastát é Eastát Star Monadh (Stairmhonadh, Cnoc an Anfa nó Stormont Estate[1]) in oirthear Bhéal Feirste, Contae an Dúin, Cúige Uladh. Tá príomhfhoirgnimh Rialtais Thuaisceart Éireann suite ann, agus tá coillte agus fearann páirce thart orthu.

Dealbh an Tiarna Carson ar Ascaill Phrionsa na Breataine Bige.

Suite laistigh den bhaile fearainn 'Baile Lios na Scáth' (Béarla: Ballymiscaw),[2] ba leis an t-Urramach John Cleland an eastát ar dtús. Ainmníodh an áit i gcuimhne dúiche i Siorrachd Pheairt agus ciallaíonn an focal 'Stairmhonadh' ; "thar an móinteach" (móinteán).[3]

Foirgnimh cuir in eagar

Foirgneamh Íomhá Faoi
Foirgnimh an Chaisleáin   Ceanncheathrú na hOifige Feidhmiúcháin, na Roinne Sláinte agus na Roinn Dlí agus Cirt. Díol suntais is ea an Caisleán le haghaidh a úsáid mar suíomh na gcaibidlí a bhain le Chomhaontú Bhéal Feirste.
Teach Dhún Dónaill   Ceanncheathrú státseirbhís Thuaisceart Éireann, an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe agus Seirbhís Phríosúin Thuaisceart Éireann .
Foirgnimh Craigantlet   Ceanncheathrú na Roinne Airgeadais.
Maynard Sinclair Pavilion   Baile chun an státseirbhís Thuaisceart Éireann Spóirt agus Sóisialta Club.
Foirgnimh na Parlaiminte   Suíochán Thionól Thuaisceart Éireann. (De ghnáth dá ngairtear Stairmhonadh.)
Caisleán Star Monadh   Suíochán Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.
Teach Star Monadh   Ceanncheathrú Oifig Thuaisceart Éireann.

Rialacháin Stairmhonaidh cuir in eagar

Bíonn na rialacháin lena rialaítear úsáid an eastáit seo ar thaispeáint ar an bhealach isteach. Achtaíodh iad ar dtús ar an 31 Deireadh Fómhair 1933, in ordú na hAireachta Airgeadais. Leasaíodh iad seo ar dheireadh thiar agus seo a leanas na rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair:

  • The Stormont Estate Regulations, 1933 
  • The Stormont Estate Amendment Regulations (Northern Ireland), 1951
  •  The Stormont Estate Amendment Regulations (Northern Ireland), 1958

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Stormont/Stormont" (ga-IE). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-07-08.
  2. "Ballymiscaw" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-07-08.
  3. "PlaceNames NI: Stormont". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-09-24. Dáta rochtana: 2017-02-18.

Naisc sheachtracha cuir in eagar