Eatramh (matamaitic)

Sa mhatamaitic, déanann gach uimhir idir dhá uimhir fhosaithe, a agus b, eatramh oscailte, a scríobhtar mar (a, b). Má chuimsíonn an t-eatramh na huimhreacha a is b, tugtar eatramh iata [a, b] air. Tugtar teorainneacha an eatraimh ar a is b. Léirítear eatramh oscailte ar an uimhirlíne le críochchiorcal neamhscáthlínithe. Bíonn críoch-chiorcal scáthlínithe ag eatramh iata.