Edith Wilson
Dara bean chéile Woodrow Wilson, uachtarán na Stát Aontaithe, ab ea Edith Bolling Galt Wilson (10 Deireadh Fómhair 1872 – 28 Nollaig 1961). Bhí sí ina Céad-bhean ar an tír ó 1915 go 1921. Chuir sise agus Woodrow Wilson aithne ar a chéile i mí Márta na bliana 1915 agus phós siad naoi mí ní ba dhéanaí. I ndiaidh an stróc mór a bhuail Woodrow i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1919, scrúdaigh sí gach cáipéis dár cuireadh chuig an uachtarán agus roghnaigh sí cé acu díobh le cur faoina bhráid ina móimintí meabhracha. Dhéanadh sí é seo agus rudaí eile in éineacht le príomhchúntóir an uachtaráin agus i ngan fhios don saol mhór. Ise an t-aon bhean i stair Mheiriceá a chuaigh i gceannas ar bhrainse feidhmiúcháin rialtas na tíre, fiú murar thuig ach dornán daoine cad a bhí ar siúl aici.
Edith Wilson | |||||
---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||
Nollaig 18, 1915 - Márta 4, 1921 ← Ellen Axson Wilson - Florence Harding →
Nollaig 18, 1915 - Márta 4, 1921 ← Margaret Woodrow Wilson - Florence Harding → | |||||
Saol | |||||
Ainm iomlán | Edith Bolling | ||||
Eolas breithe | Wytheville, 15 Deireadh Fómhair 1872 | ||||
Náisiúntacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Bás | Washington, D.C., 28 Nollaig 1961 | ||||
Áit adhlactha | Washington National Cathedral (en) ![]() | ||||
Cúis bháis | (cliseadh croí) | ||||
Muintir | |||||
Athair | Judge William Holcombe Bolling | ||||
Máthair | Sally White | ||||
Céile/Céilí | Norman Galt (en) ![]() Woodrow Wilson (Nollaig 18, 1915 - Feabhra 3, 1924) | ||||
Oideachas | |||||
Teangacha | an Béarla | ||||
Gairm | |||||
Gairm | polaiteoir | ||||
Duaiseanna | |||||
Cleamhnú | |||||
Páirtithe polaitíochta | Páirtí Daonlathach | ||||
![]() |
Rugadh Edith isteach i dteaghlach de scothaicme Virginia. Ba de shliocht Pocahontas agus John Rolfe í. Deirfiúr le Thomas Jefferson ab ea sin-seanmháthair léi. Bhí Martha Washington agus Robert E. Lee ar a sinsir freisin.