Edward Conway

bithchemiceoir Éireannach

Fiseolaí, bithcheimicí is matamaiticeoir a rugadh in Aonach Urmhumhan ab ea Edward Joseph Conway (3 Iúil 189429 Nollaig 1968). Rinne sé taighde ar fheidhmiú na bhfidíní sa duán. Rinne sé staidéar cuimsitheach ar na tiúchain dhifriúla ian Na+, K+ is Cl- sa sreabhán incheallach is an sreabhán eactarcheallach, agus na meicníochtaí a rialaíonn na tiúchain seo. I 1941 d'éirigh leis a léiriú go bhfuil an cillscannán éigníomhach roghnaíoch tréscaoilteach, agus go bhfuil próiseas iompair ghníomhaigh sa chillscannán atá in ann iain is móilíní a iompar trasna an scannáin i gcoinne grádáin leictricheimicigh, ar gá fuinneamh a sholáthar go leanúnach dó. Mar thoradh ar an dá mheicníocht seo a bheith ag obair as lámha a chéile an t-am ar fad, saothraítear poitéinseal (leictreach) fosaithe trasna an chillscannáin. Ar bhunsraith na hoibre seo, léirigh Hodgkin is Huxley na meicníochtaí atá faoin bpoitéinseal gníomhaithe a tharlaíonn i gcillscannáin fíochán infhlosctha inchorraithe (matáin is néaróga), obair a bhuaigh Duais Nobel i 1963. Rinne sé taighde suntasach ar na himoibrithe dí-ocsaídithe/ocsaídithe i gcealla na stéige a bhíonn ag díleá glúcóis agus a ról i dtáirgeadh an aigéid hidreaclóraigh i súlach gastrach. Rud suntasach ina shaothar ab ea an bhéim ar fheidhmiú na matamaitice i ngach réimse dá thaighde.[1]

Infotaula de personaEdward Conway
Beathaisnéis
Breith3 Iúil 1894
An tAonach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Nollaig 1968
74 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbitheolaí, bithcheimiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Edward Conway". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 169.