Edward Marshall Hall

polaiteoir Briotanach

Abhcóide Sasanach ab ea Sir Edward Marshall Hall, KC (16 Meán Fómhair 185824 Feabhra 1927) Is dócha gurbh é an t-abhcóide cosanta ba cháiliúla lena linn, mar gheall ar líon na gcásanna iomráiteacha inar chosain sé daoine a bhí i mbaol a gcrochta, ar feadh na mblianta fada.[1]

Edward Marshall Hall
Edward Marshall Hall.jpg
Ball den 27ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Deireadh Fómhair 1, 1900 - Eanáir 8, 1906
Dúiche: Southport (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1900
Ball den 29ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Eanáir 15, 1910 - Samhain 28, 1910
Dúiche: Liverpool East Toxteth (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, Eanáir 1910
Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 3, 1910 - Feabhra 1, 1916
Dúiche: Liverpool East Toxteth (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, Nollaig 1910
Saol
Eolas breitheBrighton, 16 Meán Fómhair 1858
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Bás24 Feabhra 1927
Oideachas
Alma materOllscoil Naomh Eoin
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir agus abhcóide
Áit oibreLondain
Duaiseanna
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach

Bhí a chuid roscaireachta suaithinseach de bharr a déine mothúchánaí, go mór mór má bhí bean á cosaint aige, ach bhí tionchar i bhfad níos lú aige i réimse na polaitíochta, cé go raibh sé ina Fheisire Aontachtach é, ó 1900 go 1906 agus arís ó 1910 go 1916.[2]

Theip air an aidhm a bhí aige go gceapfaí ina bhreitheamh den Ard-Chúirt é a bhaint amach; dealraíonn sé gurb é an fáth a bhí leis sin ná gur measadh go raibh sé i bhfad ní b'fhearr mar abhcóide ná mar a bhí sé mar dhlíodóir.[3]

TagairtíCuir in Eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Edward Marshall Hall" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-02-24.
  2. "Sir Edward Marshall Hall - National Portrait Gallery" (en). www.npg.org.uk. Dáta rochtana: 2021-02-24.
  3. Inner Temple library. "Sir Marshall". Dáta rochtana: 2021.