Eilís Ní Cheallacháin

góchumadóir agus coirpeach ciontaithe

Góchumadóir agus coirpeach ciontaithe ba ea Eilís Ní Cheallacháin (Béarla: Elizabeth Callaghan nó Eliza Thompson) (c. 1803 – 31 Márta 1852). Rugadh í i gContae an Chláir,[1], agus ní dóichí rud ná go raibh Gaeilge ó dhúchas aici dá bharr.[2] I mBéarla thugtaí Elizabeth Callaghan nó Eliza Thompson uirthi.

Infotaula de personaEilís Ní Cheallacháin
Beathaisnéis
Breith1803
Bás31 Márta 1852
48/49 bliana d'aois
Iarthar Chontae an Chláir

Cuireadh an loch amach ó Shasana í chun Van Diemen’s Land, áit ar phós sí John Batman, bunaitheoir Melbourne. Thóg sí clann, scar óna fear céile agus phós arís tar éis a bháis. Bean chumasach ba ea í a bhí ar na mná bána ba thúisce a chuir fúthu i bPort Phillip. Bhí sí in ann seiftiú di féin agus bhí léamh agus scríobh an Bhéarla aici. Fuair sí bás go hainnis.

Van Diemen’s Land cuir in eagar

Bhain Eilís Ní Cheallacháin Londain amach nuair a bhí sí seacht mbliana déag. Thaithigh sí droch-chomhluadar ann, agus daoradh í féin agus roinnt eile chun báis ar 13 Meán Fómhair 1820 as nótaí bréige a chur i gcúrsaíocht i dteach tábhairne. De bharr a hóige, áfach, athraíodh an breith báis go dtí pianbhreith ceithre bliana déag thar loch amach. Bhí sí ina daoránach ar bord Providence, long a d’fhág Sasana ar 13 Meitheamh 1821 agus a bhain amach Hobart in Van Diemen’s Land (an Tasmáin) ar 18 Nollaig 1821.[3] Dúirt an nóta ar a taifead “Bad”.[4]

 
Sampla £1 (1814) (punt Gloucester Old Bank do Charles Evans & James Fell)

Tugadh í mar shearbhónta do John Peshey, coimeádaí phríosún Hobart. Cuireadh ina leith go raibh sí “drunk and disorderly” agus gur éalaigh sí cúpla uair. Tugadh í ansin do P.A. Mulgrave, ceannfort póilíneachta, sa bhliain 1823(?). D’éalaigh sí arís sa bhliain 1825 agus dúradh go raibh sí ag fanacht ag teach John Batman, coilíneach treallúsach a bhí ina grásaeir in Kingston agus ina bhall de Chompántas Port Phillip, dream ar mhian leo cur fúthu ar an mór-roinn lastall de Chaolas Bass. Thug searbhónta darbh ainm George Paton tuairisc uirthi mar a leanas:

I saw a Person which I believed to be a Female standing inside my Master’s House she was dressed in a white Gown she had black Hair her complexion was pale and her face appeared to be pitted with small Pox, she had no Cap on.[5]

Tugadh do Batman mar shearbhónta í faoi dheireadh agus rugadh beirt pháistí dóibh. Phós siad ar 29 March 1928 agus thugtaí Elizabeth Batman uirthi ina dhiaidh sin.

Port Phillip cuir in eagar

 
Melbourne, 1840: pictiúr le W. Liardet (1840)

Faoin mbliain 1835 bhí bun déanta aici féin agus ag a fear céile i bPort Phillip (Melbourne) agus thóg siad a gclann ann:

Maria Batman (rugadh ar 5 Meán Fómhair 1824),

  • Lucy Batman (rugadh ar 11 Nollaig 1826),
  • Eliza Batman (rugadh ar 1 Samhain 1827),
  • Elizabeth Mary Batman (rugadh ar 25 Meán Fómhair 1829),
  • Ellen Gray Batman (rugadh ar 10 Aibreán 1831),
  • Adelaide Batman (rugadh ar 1833),
  • Pelonamena Franc Darling Batman (rugadh ar 11 Iúil 1834, cailleadh 1859) agus
  • John Charles Batman (rugadh ar 5 Samhain 1836, cailleadh 1845).[6]

Ba ghearr gur éirigh Batman an-tinn agus é ag luí isteach ar an ól. Dúirt Eilís gurb é an fliuchadh amuigh ba chúis leis, ach chuir daoine eile a laige i leith an óil agus na sifilise.

Faoin mbliain 1839 bhí an lánúin scartha: chuaigh Eilís chun Sasana mar phaisinéir cábáin an bhliain sin, agus fuair sí scéala bhás Batman in Adelaide nuair a tháinig sí ar ais i Mí Mhárta 1840.[7]

Bás cuir in eagar

 
View of Geelong. Pictiúr le Eugene von Guérard, 1856.

Phós sí William Willoughby, athchléireach Batman, sa bhliain 1841, agus chuidigh sé léi cuibhreann talún de chuid Batman a fháil di féin tar éis aighneas fada dlí. Dealraíonn sé go ndeachaigh a saol chun an donais ina dhiaidh sin. Bhí teach beag adhmaid aici in Geelong sa bhliain 1852 agus ba mhinic ar meisce í (dúradh fúithí níos déanaí go raibh sí ”of somewhat abandoned character”).

Faoin am seo bhí ainm Sarah Willoughby uirthi. Bhí sí ag taithí droch-chomhluadair arís. Ar 30 Márta 1852 bhí triúr eile (beirt fhear agus bean) ar cuairt aici agus tarraingíodh achrann. Bualadh go dona í agus fuair sí bás an lá dár gcionn.[8] Sa bhliain 1853 chuir a hiníon Elizabeth Mary síos uirthi mar "Elizabeth Callan, governess".[9]

Tagairtí cuir in eagar

  • Brown, P.L., 'Batman, John (1801 - 1839)', Australian Dictionary of Biography, Volume 1, Melbourne University Press, 1966, lgh 67-71.
  • Campbell, Alastair H. (1987). John Batman and the Aborigines. Kibble Books. ISBN 0-908150-09-1, ISBN 0-908150-08-3 (clúdach páipéir)
  1. Australian Genealogy – Elizabeth Thompson: http://www.ozigen.com/p11342.htm
  2. Féach scagadh na bhfigiúirí daonáirimh in Fitzgerald, Garret, ‘Estimates for baronies of minimal level of Irish-speaking amongst successive decennial cohorts, 117-1781 to 1861-1871,’ lgh 153-4, Volume 84, Proceedings of the Royal Irish Academy, Royal Irish Academy, Dublin.
  3. Australian Genealogy, op.cit.
  4. Campbell, lch 18
  5. Luaite in Campbell, lch 18
  6. Australian Genealogy, op. cit.
  7. Australian Dictionary of Biography: http://adbonline.anu.edu.au/biogs/A010066b.htm
  8. Campbell, lch 18
  9. Australian Dictionary of Biography, op. cit.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar