Osclóidh seo an príomhroghchlár

Einceifileapaite spúinseach bhólachta

Aphis.usda.gov BSE 3.jpg

Galar céimnitheach atá marfach don néarchóras lárnach in eallach is ea Einceifileapaite spúinseach bhólachta (BSE i mBéarla). Is minic a thugtar galar na bó buile (nó galar na mbó builemire) air freisin.

Cuireann sí isteach ar struchtúr na hinchinne. Is iad na siomtóim a bhíonn ag an ainmhí ionfhabhtaithe ná athruithe ina iompar is droch-chomhordú.

CSIRO ScienceImage 626 Mad Cow Disease or bovine spongiform encephalopathy BSE.jpg

Níl aon leigheas ná cóireáil air, agus is gá an t-ainmhí a mharú. I dtástálacha iarbháis fuarthas an inchinn meathlaithe ina mais spúinseach, díreach cosúil le hinchinn caorach atá ionfhabhtaithe leis an scráibeach, galar seanbhunaithe caorach. Cinneadh faoi dheireadh gur gníomhaí próitéine de shaghas nua, a dtugtar prión anois air, ba chúis leis an ngalar.

BOVINE PRION PROTEIN 1dx0 asym r 500.jpg

Cinneadh freisin go raibh dóchúlacht ard gur tarchuireadh na prióin ó chaoirigh trí mhin ionfhabhtaithe feola is cnámh a bheith á hithe ag na ba. Fuarthas freisin go raibh na prióin an-fhrithsheasmhach i gcoinne teasa is antaiseipteán. Cuireadh cosc ar úsáid a leithéid de mhin agus aon fhíocháin néarógaigh as ba leis an ngalar seo.

StairCuir in Eagar

Ba sa Bhreatain a tharla an chéad chás den ghalar, i 1986.

Ar an 30 Bealtaine 1990, chuir an Fhrainc cosc ar fheol as an mBreatain[1] agus tharla an rud céanna i dtíortha eile níos déanaí.

Scaip an galar ar fud na Breataine agus mhéadaigh na cásanna gur tharla an 100,000ú cás sa bhliain 1993. Ina dhiaidh sin laghdaigh na tarluithe ó bhliain go bliain.

Galar Creutzfeldt-JakobCuir in Eagar

I rith na 1990idí bhí imní fhorleathan go dtarchuirfí an galar do dhaoine.

Fuarthas gur gníomhaí prióin is cúis leis an saghas daonna den ghalar, galar Creutzfeldt-Jakob, agus go mbíonn siad flúirseach i gcolainn an ainniseora infhabhtaithe. Is dócha gur tarchuireadh an galar ó chaoirigh nó ba do dhaoine anois is arís, agus b'fhéidir ó dhuine go duine.

Ós rud é go bhfuil sé fíordheacair an prión galrach a chloí, d'éirigh na dochtúirí buartha faoi steiriliú ionstraimí i gcomhair obráidí agus chuireadar modhanna steirilithe níos déine ar bun.

TagairtíCuir in Eagar

  1. "1990: France bans British beef imports" (en-GB) (1990-05-30). Dáta rochtana: 2019-05-30.