Scríbhneoir Giúdach a rugadh sa Bhulgáir ab ea Elias Canetti (Bulgáiris: Елиас Канети; 1905 - 1994). Do rugadh é ar an 25ú lá d'Iúil i gcathair Rousse (Bulgáiris: Русе) na Bulgáire agus do fuair sé bás ar an 14ú lá de Lúnasa i Zürich na hEilvéise. Do fuair sé saoránacht Briotanach sa bhliain 1952 ach do chaith sé an chuid is mó dá shaol san Eilvéis ón bhliain 1972 amach.

Elias Canetti (1905 - 1994)

Do chum sé drámaí, aistí - Masse und Macht (1960) ina measc -, aon úrscéal amháin - Die Blendung (1935) -, agus dírbheathaisnéis a foilsíodh i gceithre imleabhar idir 1977 agus 2003. Cé gurbh í Spáinnis Ghiúdach a theanga dhúchais agus go raibh Bulgáiris aige, do scríobhadh sé a chuid scríbhneoireachta i nGearmáinis. (Do chuir a mháthair an-bhéim ar an teanga san agus do mhúin sí dó í.) Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1981.