Elizabeth Gurley Flynn

polaiteoir Meiriceánach

Ceannaire saothair, gníomhaí agus feimineach ab ea Elizabeth Gurley Flynn (7 Lúnasa 1890 – 5 Meán Fómhair 1964) a raibh ról ceannasach aici in Oibrithe Tionscail an Domhain (OTD). Bhí Flynn ar dhuine de bhunaitheoirí Aontas Meiriceánach um um Chearta an Duine (Béarla: American Civil Liberties Union) agus mhol sí cearta na mban, breithrialú, agus vótáil na mban . Ghlac sí ballraíocht sa Pháirtí Cumannach SAM i 1936 agus go déanach ina saol, i 1961, toghadh í ina cathaoirleach. Fuair sí bás le linn cuairte ar an Aontas Sóivéadach, áit ar tugadh sochraid stáit di le mórshiúlta sa Chearnóg Dhearg ar fhreastail breis agus 25,000 duine uirthi. [1]

Elizabeth Gurley Flynn
Elizabeth Gurley Flynn point (cropped).jpg
Saol
Eolas breitheConcord, New Hampshire, 7 Lúnasa 1890
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
BásMoscó, 5 Meán Fómhair 1964
Áit adhlacthaForest Home Cemetery (en) Aistrigh
Muintir
Páirtí/PáirtitheCarlo Tresca (en) Aistrigh
Oideachas
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmgníomhaí ar son chearta na mban, gníomhaí, gníomhaí ar son cearta vótála, ceardchumannaí, polaiteoir, party chair (en) Aistrigh, iriseoir, scríbhneoir agus dírbheathaisnéisí
BallraíochtAmerican Civil Liberties Union (en) Aistrigh
Industrial Workers of the World (en) Aistrigh
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaCommunist Party USA (en) Aistrigh
Discogs ID2994904

CúlraCuir in Eagar

Rugadh Elizabeth Gurley Flynn ar 7 Lúnasa, 1890, i Concord, New Hampshire, iníon le hAnnie (Gurley) agus Thomas Flynn. [2] Bhog an teaghlach go Nua-Eabhrac i 1900, áit ar cuireadh oideachas uirthi sna scoileanna poiblí áitiúla. Chuir a tuismitheoirí an sóisialachas in aithne di. Nuair nach raibh sí ach cúig bliana déag thug sí a céad óráid phoiblí, “What Socialism Will Do for Women,” i gClub Sóisialach Harlem. Mar thoradh air sin, bhraith sí gur gá di labhairt amach ar son athruithe sóisialta, agus rinne sí cinneadh, a raibh aiféala uirthi ina dhiaidh sin, Morris High School a fhágáil roimh chéim a bhaint amach. Deir foinsí eile, áfach, gur díbraíodh í ón ard-scoil mar gheall ar a a rannpháirtíocht pholaitiúil . [3]

GairmréimCuir in Eagar

 
Grianghraf 1913 de cheannairí stailce síoda Paterson: Patrick Quinlan, Carlo Tresca, Elizabeth Gurley Flynn, Adolph Lessig, agus Bill Haywood

TagairtíCuir in Eagar

  1. http://www.andreageyer.info/revolttheysaid/f.html
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-15. Dáta rochtana: 2021-03-11.
  3. https://awpc.cattcenter.iastate.edu/directory/elizabeth-g-flynn/