Eochaidh Feidhil

Ard-Rí na hÉireann
(Athsheolta ó Eochaid Feidlech)

De réir na seanscéalta, ba ardrí na hÉireann é Eochaidh FeidhilFeidhleach (Sean-Ghaeilge Eochaid Feidlech) mac Fionn.[1] Tá clú air mar athair Mhéabha, banríon finscéalach Chonnacht.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarEochaidh Feidhil
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathapolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeidealArdrí na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LeanaíMéabh, Mugain agus Cloithre Cuir in eagar ar Wikidata
Daoine muintearthaLughaidh na Riabh Dearg Cuir in eagar ar Wikidata

Teacht i réim cuir in eagar

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tháinig sé i réim agus an t-iarardrí, Fachtna Fáthach, cloíte aige sa Chath Leitreach Rua, ag Corran, Contae Shligigh an lae seo.[2] Fad is a bhí Fachtna ar chuairt go hUlaidh, thóg Eochaidh (rí Chonnacht ag an am) arm, chuir sé ríthe na gcuigí chun báis agus choinnigh sé gialla ó Theamhair. Nuair a chuala Fachtna an scéal ag Eamhain Mhacha, thóg seisean arm fir na hUladh agus chuaigh sé i gcath.[3] Chloígh Eochaidh é áfach, agus bhain a cheann de. Maraíodh Eochaid Sálbuide, rí Uladh, sa chath chéanna. Chuaigh Fergus mac Róich ar tosach cúlú arm na nUladh, agus chuaigh Eochaidh go Teamhair lena harmsa.[4]

Clann cuir in eagar

De réir lámhcríbhinní Meán-Ghaeilge éagsúla, bhí clann mór ag Eochaidh. Ba í Cloithfinn a bhean chéile,[5] agus bhí séisiúr iníonacha acu (Derbriu, Eile, Mugain, Eithne, Clothru agus Méabh), agus ceathrar mac (na trí Findemna Bres, Nár agus Lotha, agus Conall Anglondach).

Ba leannán Aengus na dTuath Dé Danann í Derbriu. Rinne a máthair chéile, Garbdalb, seisear fear ina muca, agus a gcoir ná cnónna a garráin a ithe. Chosnaigh Derbriu iad ar feadh bliana go dtí gur mharaigh Méabh iad.[6]

Nuair a ceapadh Conchúr mac Neasa ina rí Uladh, thug Eochaidh ceathrear dá iníonacha - Mugain, Eithne, Clothru and Meabh - dó in marriage, in compensation for the death of his supposed father, Fachtna Fáthach.

  • De réir seanscéal amháin, thug Clothru a mhac is sine, Cormac Cond Longas, ar an saol, cé gur mhac colach Chonchúir é leis a mháthair féin, Neasa, de réir scéalta eile.
  • Bhí mac ag Eithne leis, Furbhaí, ach saolaíodh é trí ghearradh Caesarach iarbháis, os rud é gur bháigh Méabh í.
  • Thug Méabh mac darbh ainm Amalgad ar an saol.

Le himeacht aimsire, thréig Méabh Conchúr, agus chuir Eochaidh i réim í mar bhanríon Chonnacht.

Tréimshe ina dhiaidh sin, ghair Eochaidh tionóil ag Teamhair, agus bhí Conchúr and Méabh beirt ann. Ar an maidin dár gcionn, lean Conchúr Méabh síos go dtí abhainn na Bóinne, agus d'éignigh sé ann í. Chuaigh Eochaidh i gcath i gcoinne Conchúir, ach cloíodh é.[3]

Rinne na trí findemna iarracht a n-athair a dhíbirt ag Cath Dhroim Cria. Bhí imní ar a ndeirfiúr Clothru go mbásfaí iad gan sliocht, de bharr sin, mheall sí an triúr acu, agus gineadh ardrí na todhchaí, Lugaid Riab nDerg. Sa chath go deimhin maraíodh iad. Agus a gcinn scoite feicthe aige, d'forógraigh Conchúr nár thaga mac i ndiaidh a athair san Ard Ríogacht na hÉireann.[7][8]

Achar ama cuir in eagar

Bhí Eochaidh i réim ar feadh dhá bhliain déag. D'éag sé le hadhairt ag Teamhair, agus tháinig a dheartháir Eochaidh Aireamh i gcoróin ina dhiaidh.

I bhfoinsí ar leith, faightear croineolaíochtaí ar leith dá réim:

Tagairtí cuir in eagar

  1. mac Fionnlogh, mac Rogen Ruad, mac Essamain Emna, mac Blathnachta, mac Labraid Lorc, mac Enna Aignech
  2. 2.0 2.1 R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, l. 299
  3. 3.0 3.1 Joseph O'Neill (eag. & aistr.), "Cath Boinde", Ériu 2, 1905, ll. 173-185
  4. Margaret C. Dobs (eag. & aistr.), "La Bataille de Leitir Ruibhe", Revue Celtique 39, 1922, ll. 1-32
  5. Margaret C. Dobs (eag. & aistr.), "Cath Cumair", Revue Celtique 43, 1926, ll. 277-342
  6. Edward Gwynn (eag. & aistr.), An Dinnseanchas Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1906, Vol 3, Dán 70: Duma Selga, ll. 387-395
  7. Gwynn, The Metrical Dindshenchas Vol 4, Druimm Criaich Dán 13: Druimm Criach, ll. 43-57
  8. Vernam Hull, (eag. & aistr.), "Aided Meidbe: The Violent Death of Medb"; Speculum v.13 eag. 1, Ean 1938, ll. 52-61; O'Neill, "Cath Boinde"; Dobs, "Cath Cumair"
  9. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éireann 1.31
  10. Annála na gCeithre Máistrí, M5057-5069
Réamhtheachtaí
Fachtna Fáthach
Ard-Rí na hÉireann
LGE 48-44 RC
FFE 94–82 RC
ACM 143–131 RC
Comharba
Eochaidh Aireamh