Is éard is fíceolaíocht (ón nGréigis φῦκος, phykos, "feamainn"; agus -λογία, -logia “cuntas, míniú") nó algeolaíocht ann, ná an staidéar eolaíoch ar algaí, brainse d’eolaíocht na beatha.

Ceilp i Hazards Bay, Páirc Náisiúnta Freycinet, an Tasmáin, an Astráil

Tá algaí tábhachtach mar phríomhtháirgeoirí in éiceachórais uisceacha. Is orgánaigh eocarótacha,agus fótaisintéiseacha iad an chuid is mó de na halgaí a chónaíonn i dtimpeallacht fhliuch. Déantar idirdhealú orthu ó na plandaí is airde mar gheall ar easpa fíordhuilleog, fíorfhréamhacha, nó fíorghas. Ní bhláthaíonn siad. Tá go leor speiceas aon-chealla agus micreascópach (lena n-áirítear fíteaplanctón agus miocralgaí eile); tá go leor eile ilcheallach go céim amháin nó go céim eile, cuid acu seo ag fás go mór (mar shampla, feamainn amhail ceilp agus Sargassum

Tagairtí cuir in eagar

.