Is éard atá i gceist le fíodóireacht ná seancheird ina ndéantar fabraic trí shnáithí a fhí go crosach, an dlúth i dtreo amháin is an t-inneach sa treo ceartingearach, ar mheaisín a dtugtar seol air.

Bean i mbun fiodóireachta

D'fhionn John Kay an spól eitilte i 1733, an chéad fhorbairt sa cheird leis na céadta, b'fhéidir na mílte bliain. Go luath ina dhiaidh sin shaothraigh Edmund Cartwright an seol fuinnmhithe i 1785. Tá teicneolaíochtaí gan spóil i bhfeidhm anois, agus piléir, ráipéir, nó fiú scairdeanna uisce ag iompar an dlúith tríd an inneach, suas le 1,000 pioc in aghaidh an tsoicind.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fíodóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 269.