Is éard is fótaileaisteachas[1] ann ná athrú in airíonna tarchurtha solais solaid (mar shampla, plaisteach nó gloine) nuair a chuirtear faoi strus é. Ainm eile ar an bhfeiniméan is ea dé-athraontas ionduchtaithe go meicniúil. Is amhlaidh a athraíonn polarú an tsolais tharchurtha, agus is féidir é a bhrath tríd an solad a chur idir dhá pholaraitheoir thrasnaithe (is é sin, lena dtreonna tarchurtha ag dronuillinn dá chéile) agus strus a chur ar an ábhar. Feictear patrúin shainiúla dhaite ar féidir strus innealtóireachta a anailísiú uathu.[2]

Uirlisí plaisteacha i dturgnamh fótaileaisteachais

Tagairtí cuir in eagar

  1. “fótaileaisteachas” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-15.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fótaileaisteachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 284.

Teimpléad:Saotharphíosa