Ceann de shraith einsímí a bhíonn sa bhfuil is ea Fachtóir VIII, a rialaíonn an próiseas téachta.

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachFachtóir VIII
Substaint cheimiceachpróitéin
Tacsón ina n-aimsítear é
UniProt (en) AistrighP00451

Ní bhíonn Fachtóir VIII i láthair i ndaoine a mbíonn haemaifilia clasaiceach orthu, agus ní bhíonn a bhfuil siúd in ann téachtadh. Déantar iad a chóireáil le hinstealladh infhéitheach d'fhachtóir VIII, a scaradh ó fhuil úr. Bíonn priacal go n-aistreofar ionfhabhtuithe cosúil le SEIF ó fhuil an deontóra san instealladh seo.

Fachtóir VIII PDB 3CDZ

Tá haemifilia eile ann a tharlaíonn go hannamh ina mbíonn fachtóir eile as láthair, fachtóir IX, agus déantar cóireáil air cosúil le hinstealladh fachtóir IX.

Cúram in Éirinn cuir in eagar

Seans go leigheasfar haemaifiliaigh le géinteiripe amach anseo, ionas gur féidir lena gcolainneacha a bhfachtóir VIII féin a dhéanamh.[1][2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fachtóir VIII". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 251.
  2. "First person with haemophilia in Ireland treated with gene therapy" (en-GB). Irish Haemophilia Society (2020-03-05). Dáta rochtana: 2021-04-17.