An fad uilleach idir an Ghrian is pláinéad nuair a bhreathnaítear orthu ón Domhan. Mar shampla, tá uasfhaduithe 28° is 47° ag Mearcair is Véineas faoi seach. Ciallaíonn luach beag Mhearcair nach mbíonn sí rófhada ón nGrian riamh, agus mar sin gur réad an-éalaitheach í.