Federico García Lorca
File agus drámadóir de chuid na Spáinne ba ea Federico García Lorca (5 Meitheamh, 1898 – 19 Lúnasa, 1936). Rugadh é i Fuente Vaqueros, ar bhruach an Genil, cúpla míle ó Granada. Feirmeoir ba ea a athair, agus bhíodh a mháthair ina múinteoir scoile sular phós sí.
BeathaisnéisCuir in Eagar
Rugadh Federico ar an 5 Meitheamh, 1898 i Fuente Vaqueros , Vega de Granada san Provincia de Granada i ndeisceart na Spáinne, i dteaghlach a raibh seasamh eacnamaíoch compordach acu. Baisteadh é mar Federico del Sagrado Corazón de Jesús García Lorca. Ba úinéirí talún a athair Federico García Rodríguez (1859-1945) agus a mháthair, Vicenta Lorca Romero (1870-1959), agus múinteoir scoile dara bhean chéile a athar, a chothaigh blas liteartha a mic. Tá a chéad teach, i Fuente Vaqueros, anois ina iarsmalann..
Ansin chuir a theaghlach go hAlmería ar dtús é, chun tús a chur le staidéir meánscoile ann, ag fanacht lena mhúinteoir Antonio Rodríguez Espinosa ar feadh tréimhse ghairid, ach chuir tinneas scornach tromchúiseach isteach air, a chuir i mbéal an bháis é. Cuireadh iallach air filleadh go práinneach ar a thuismitheoirí. Sa bhliain 1909, shocraigh a theaghlach síos go buan i Granada, áit ar thosaigh sé ar a chuid staidéir ar dtús ag Coláiste Chroí Ró-Naofa Íosa.
Nuair a bhí sé sna déaga, chuir sé níos mó spéise sa cheol ná sa litríocht; rinne sé staidéar ar an bpianó le Antonio Segura Mesa agus i measc a chairde san ollscoil bhí níos mó aithne air mar cheoltóir ná mar scríbhneoir nua. Sa bhliain 1926, i dteach muintire an teaghlaigh García - Trevijano in Órgiva, léirigh sé mazurka a chum Manuel de Falla do Carmen García-Trevijano den chéad uair ag an bpianó, sé mazurka a chum Manuel de Falla do Carmen García - Trevijano den chéad uair ag an bpianó, a bhí ag an am seo ina aintín don dlíodóir agus don pholaiteoir frith-Fhranco Antonio García-Trevijano.
Tús a shaoilCuir in Eagar
Rinne Lorca staidéar ar an dlí in Ollscoil Ghranada, ach d'imigh sé leis go Maidrid ina dhiaidh sin. Ceoltóir den scoth a bhí ann chomh maith. Agus bhí sé an-chairdiúil le healaíontóirí cáiliúla i Maidrid, Juan Ramón Jimenez, Pablo Neruda, Salvador Dalí agus Luis Buñuel ina measc. Meastar go raibh sé i ngrá le Dalí.
Foilsíodh céad leabhar Lorca i 1918, leabhar taisteal dár teideal Impresiones Y Paisajes.
I 1921, foilsíodh Libro de Poemas, dánta i bhfoirm fabhalscéalta.
Ghnóthaigh Lorca a chéim sa dlí i 1923 agus chuir sin deireadh lena thréimhse ollscoile.
Fuair sé an-spreagadh as féile ceol traidisiúnta Fiesta de Cante Jondo i 1922. Bhunaigh sé go leor dá shaothar ar cheol na ngiofóg as sin i leith. Ba é an file ba cháiliúla in Andalucia é mar gheall ar shaothair ar nós Poema del Cante Jondo (1931), agus Primer Romancero Gitano (1927). Bhí an-cháil ar a dhráma Marina Pineda, dráma rómánsúil stairiúil.
TagairtíCuir in Eagar
An File i Nua-EabhracCuir in Eagar
Thug Lorca cuairt ar Nua-Eabhrac i 1929 agus chónaigh sé ar champas Ollscoil Columbia. Ní raibh Béarla ar bith aige agus bhí lionndubh air go minic sa chathair aduain. Ach bhí an-mheas aige ar dhrámaíocht nua na Meiriceánach. Thug sé cuairt ghéar ar Chúba agus tháinig abhaile chun na Spáinne i 1931. Cháin sé cathair a shíl sé a bheith scanrúil agus truaillithe go fisiciúil agus go spioradálta i gcnuasach dánta nár foilsíodh go dtí 1940, Poeta en Nueva York, tar éis a bháis.
La BarracaCuir in Eagar
Chuir sé cumann drámaíochta taistil, La Barraca, ar bun nuair a bhí sé ar ais sa bhaile. Léiríodh a chuid drámaí ar fud chúigí na Spáinne.
I measc na ndrámaí ba cháiliúla dá chuid, tá Boda de Sangre (Bainis Fola), a léiríodh den chéad uair i 1933, dráma atá cosúil le tragóid Ghréagach.
Léiríodh Yerma i 1934, dráma faoi phósadh gan chlann. D
Díreach sular maraíodh Lorca, cuireadh La Casa de Bernarda Alba ar an ardán den chéad uair, dráma faoi mháthair thiarnúil agus a clann iníonacha ina gcuireann an bhean is óige lámh ina bás féin mar gheall ar a leannán a bheith geallta leis an iníon is sine.
Cogadh agus básCuir in Eagar
Mar gheall ar a shaol pearsanta mar dhrámadóir homaighnéasach, agus a dhearcadh polaitiúil, bhí an eite dheis an-naimhdeach dó.
Chuaigh sé ar a choimeád nuair a thosaigh Cogadh Cathartha na Spáinne. Ach tháinig saighdiúirí an Falange air i mí Lúnasa 1936. Daoradh chun báis é gan triail.
Cuireadh é in uaigh a thochail sé féin. Níor tháinig na saineolaithe fóiréinseacha riamh ar thaisí daonna.
OidhreachtCuir in Eagar
Bhí grá, éad, paisean agus bás tobann ina dtéarmaí lárnacha i ndrámaí Lorca, agus b'amhlaidh a bhí a shaol féin.