Airíonna fisiciúla córas ag a bpointí criticiúla (mar shampla, ag an teocht a n-imíonn an t-idirdhealú idir dhá phas). Bíonn sé sainiúil do na pointí seo go dtarlaíonn athruithe drámata sna paraiméadair a chuireann síos ar an gcóras. Mar shampla, titeann maighnéadú spontáineach iarainn go dtí nialas nuair a éiríonn a theocht os cionn na teochta criticiúla (a theocht Curie). Tarlaíonn feiniméin chriticiúla i gcuid mhaith córas, cosúil le hathruithe forshreabhánacha, forsheoltacha, fearóileictreacha, is fearómaighnéadacha.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Feiniméin chriticiúla". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 260.