Felipe González

polaiteoir Spáinneach

Dlíodóir agus iar-Phríomh-Aire na Spáinne ab ea Felipe González Márquez (a rugadh ar 5 Márta 1942).

Felipe González
Felipe González recibe al presidente de la Diputación General de Aragón (cropped).jpg
3. Ard-Rúnaí an Partido Socialista Obrero Español

Deireadh Fómhair 13, 1974 - Bealtaine 20, 1979
Rodolfo Llopis - Felipe González
Ball de Chomhdháil na dTeachtaí

Iúil 2, 1977 - Eanáir 2, 1979
Dúiche: Maidrid
Toghchán: Olltoghchán na Spáinne 1977
Ball de Chomhdháil na dTeachtaí

Márta 20, 1979 - Samhain 18, 1982
Dúiche: Maidrid
Toghchán: Olltoghchán na Spáinne 1979
3. Ard-Rúnaí an Partido Socialista Obrero Español

Meán Fómhair 28, 1979 - Meitheamh 21, 1997
Felipe González - Joaquín Almunia
Ball de Chomhdháil na dTeachtaí

Samhain 5, 1982 - Aibreán 23, 1986
Dúiche: Maidrid
Toghchán: Olltoghchán na Spáinne 1982
Escudo de España (mazonado).svg
Príomh-Aire na Spáinne

Nollaig 2, 1982 - Bealtaine 4, 1996
Leopoldo Calvo-Sotelo - José María Aznar
Ball de Chomhdháil na dTeachtaí

Iúil 7, 1986 - Meán Fómhair 2, 1989
Dúiche: Maidrid
Toghchán: Olltoghchán na Spáinne 1986
Ball de Chomhdháil na dTeachtaí

Samhain 16, 1989 - Aibreán 13, 1993
Dúiche: Maidrid
Toghchán: Olltoghchán na Spáinne 1989
Ball de Chomhdháil na dTeachtaí

Meitheamh 24, 1993 - Eanáir 9, 1996
Dúiche: Maidrid
Toghchán: Olltoghchán na Spáinne 1993
Ball de Chomhdháil na dTeachtaí

Márta 26, 1996 - Aibreán 5, 2000
Dúiche: Maidrid
Toghchán: Olltoghchán na Spáinne 1996
Ball de Chomhdháil na dTeachtaí

Márta 29, 2000 - Aibreán 2, 2004
Dúiche: Seville (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Spáinne 2000
Saol
Eolas breitheSevilla, 5 Márta 1942 (81 bliain d’aois)
NáisiúntachtAn Spáinn
An Cholóim
An Phoblacht Dhoiminiceach
Muintir
Céile/CéilíCarmen Romero López  (1969 -  2008)
Oideachas
Alma materOllscoil Sevilla
Instituto San Isidoro (en) Aistrigh
TeangachaAn Spáinnis
MúinteoiríManuel Clavero Arévalo
Gairm
Gairmpolaiteoir, labor law specialist (en) Aistrigh, scríbhneoir, duine den lucht gnó, saineolaí dlí agus múinteoir ollscoile
Áit oibreMaidrid
Duaiseanna
BallraíochtFundación Alternativas (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinCaitliceach Rómhánach
Páirtithe polaitíochtaSpanish Socialist Workers' Party (en) Aistrigh
IMDbnm0328158
Signature of Felipe González.png
1975
1985

SaolCuir in Eagar

Céimí dlí de chuid Ollscoil Sevilla is ea González. Thosaigh sé ag cleachtadh an dlí fostaíochta sa bhliain 1966.[1] Ag an am céanna, bhí sé ag teagasc an ábhair san Ollscoil. Trína chuid oibre mar dhlíodóir fostaíochta, neartaigh an baint a bhí aige le gluaiseacht an cheardchumannachais agus leis an bPáirtí Sóisialach, a bhí araon faoi choim, gaol a thosaigh nuair a bhí sé ina mhac léinn.

CeannaireCuir in Eagar

 
1990

Faoi theacht an daonlathais i lár na 1970idí, bhí González tagtha chun cinn mar an ceannaire is tábhachtaí ar an eite chlé i bpolaitíocht na Spáinne, tar éis éirí leis i dtroid chun an PSOE (Partido Socialista Obrero Español, Páirtí Sóisialach an Lucht Oibre Spáinneach) a chur ar bhealach ní ba mheasartha agus ní ba phragmataí.

Bhí González ina Phríomh-Aire ó 1982 go 1996.Bhí i gceannas ar an PSOE nuair a bhuaigh sé ceithre olltoghchán.

LeasuitheCuir in Eagar

Le linn dó a bheith i gcumhacht, rinneadh leasuithe sóisialta móra, mar an ginmhilleadh a dhéanamh dleathach go pointe áirithe, agus chuaigh an Spáinn isteach sna Comhphobail Eorpacha (sa bhliain 1986).

Chuir González ina luí ar an PSOE teacht ar mhalairt cinnidh maidir le bhallraíocht na Spáinne in ECAT agus bhí an lá leis i reifreann faoin gceist sin sa bhliain 1989.

I rith na ndeich bliana deireanacha a raibh sé ina Phríomh-Aire, tháinig sé chun cinn mar dhuine de na daoine ba mhó le rá i gcúrsaí polaitíochta sa Chomhphobal Eorpach, go mór mór sa tréimhse idir titim bhalla Bheirlín agus daingniú Chonradh Maastricht.

 
2014

Laistigh den Spáinn is mó an chonspóid a tharraing a oidhreacht pholaitiúil, den chuid is mó mar gheall ar líon mór scannail ag baint lena rialtas (ag deireadh na tréimhse a bhí sé i gcumhacht go háirithe) agus mar gheall ar na teaicticí (scuaid mharaithe san áireamh) a bhí á n-úsáid i gcoinne fheachtas sceimhlitheoireachta ETA.

Níltear ar aon tuairim, beag ná mór, agus measúnuithe á ndéanamh ar a raibh bainte amach aige ó thaobh an gheilleagair de ach an oiread, ó rud é go raibh borradh suntasach faoin ngeilleagar sna 1980idí/1990idí, in éineacht le bearta nua-liobrálacha (nár ghlac a lán daoine ar an eite chlé leo riamh).

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Felipe Gonzalez". Dáta rochtana: 2021.