Is cineál féile ceoil an Fhleadh Cheoil (Fleá Cheoil uaireanta). Ritheann Comhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ) féilte éagsúla bliantúla de cheol, damhsa, amhránaíocht traidisiúnta agus Gaeilge ar a dtugtar ‘’’an Fleadh Cheoil’’’ - “Féile (nó féasta) ceoil”. Clúdaíonn an Fleadh féilte a tharlaíonn ag leibhéil áitiúla, cúigeacha agus uile-Éireann.

Oscailt Fleadh Cheoil na hÉireann 2008, An Tulach Mhór


Lá Fhéile Pádraig, An Ómaigh, 2010.

Eagar na gComórtas cuir in eagar

Bíonn iomaitheoirí de gach aois i láthair ag an bhFleadh ó gach cearn den domhan. Eagraítear na comórtais i gceithre cinn d’aoisghrúpaí (faoi 12, 12-15, 15-18 agus Sinsearach) agus áirítear orthu formhór na n-uirlisí traidisiúnta (an fidil, an fhliúit, an phíb uillinn, an bainseó, an bosca ceoil, srl.). Bíonn comórtais amhránaíochta ann sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, agus comórtais do ghrúpaí ceoil (bannaí píbe agus céilí, díséid agus tríréid, etc.) Bíonn ar iomaitheoirí ó réigiúin a mbíonn babhtaí cáiliúcháin acu cáiliú ag leibhéal réigiúnach sula sroicheann siad an babhta uile Éireann. In Éirinn, mar shampla, caithfidh ceoltóirí bua a fháil i bhFleadh an Chontae agus i bhFleadh an chúige chun dul ar aghaidh chuig an babhta deireadh ag an bhFleadh Uile-Éireann. Seinneann na hiomaitheoirí os comhair moltóir nó moltóirí i ngach babhta. Sár-cheoltóirí agus saineolaithe sa cheol traidisiúnta atá sna moltóirí. Glacann na moltóirí nótaí cúramacha i dtaobh gach iomaitheora a chuirtear ar fáil dó nó di i ndiaidh an bhabhta. Bíonn an seomra lán go béal le cairde, teaghlach agus lucht tacaíochta. Fógraíonn an moltóir na torthaí ag deireadh an chomórtais agus is minic a thugann siad leid nó dhó i dtaobh an rud a bhí á lorg acu ón iomaitheoir.

Sceideal cuir in eagar

Fógraítear an t-ionad don bhFleadh Uile-Éireann bliantúil i Meán Fómhair na bliana roimhe. Meallann an Fhleadh na mílte de lucht ceoil gach bliain. Dar le Comhaltas Ceoltóirí Éireann “Is deacair fuinneamh na hócáide seo a chur i bhfocail; níor mhór duit a bheith i láthair go bhfeicfeá seisiúin cheoil faoi lánseoil i ngach pub agus óstán agus fiú ar chúinní sráide!”.[1] Glacann suas le 12,000 ceoltóir agus oirfideach páirt sa bhFleadh agus bíonn tuairim is 200,000 de lucht éisteachta ann. Bíonn an-tóir ar dhuaiseanna na Fleadh ach thairis sin is cineál fuinneog í an Fhleadh a thaispeánann cultúr na hÉireann don domhan mór.

Blianta cuir in eagar

2011 cuir in eagar

Bhí Fleadh Cheoil na hÉireann 2011 ceiliúrtha sa Chabhán, ar feadh Lúnasa 2011. Tá na buaicpóintí fós le feiceáil ar RTÉ.

2012 cuir in eagar

Tá Fleadh Cheoil na hÉireann 2012 sa Chabhán, ar siúl ón 14 go dtí an 22 Lúnasa 2012.[2] 'Cabhán na nIontas' mar a deirtear i gcontae an Chabháin.

Is é 2012 "Bliain na Gaeilge an Chomhaltais". Mar sin, tá Seachtain na Gaeilge, le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, ar siúl ag an am céanna.[3] Is cuid dhílis den Fhleadh Cheoil an clár imeachtaí Gaeilge seo anois trína spreagtar daoine de gach aoisghrúpa chun nithe a dhéanamh trí Ghaeilge. I measc na n-imeachtaí tá scéalta Gaeilge do leanaí, tráth na gceist boird, ranganna ceol rap trí Ghaeilge, léachtaí, turas oidhreachta agus staire agus céilí mór nach ceart a chailleadh.

"Is breá linn urraíocht a dhéanamh ar imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ag an bhFleadh Cheoil arís i mbliana," a dúirt Éamonn Ó hArgáin. "Is é atá i gceist le Seachtain na Gaeilge taitneamh a bhaint as an gcuid is fearr den ealaín trí Ghaeilge agus tá na himeachtaí ar fad fite fuaite leis an réimse ilghnéitheach imeachtaí cultúir a bhíonn ar fáil ag an bhFleadh."[4]

2013 cuir in eagar

Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann 2013 i nDoire Cholm Chille. Is é an chéad uair Fleadh Cheoil na hÉireann suite i dTuaisceart Éireann. Cuirfidh an ceiliúradh ar Éireannachas Dhoire, mar is ‘UK City of Culture’ Doire sa bhliain 2013[5] chomh maith le mórchathair cultúrtha de chuid na hÉireann.

Tagairtí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar