An Taoille Tuile

gearrscéal le Máirtín Ó Cadhain
(Athsheolta ó Floodtide)

Gearrscéal Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain é An Taoille Tuile a foilsíodh in An Braon Broghach.

WD Bosca Sonraí LeabharAn Taoille Tuile
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarMáirtín Ó Cadhain Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Seánragearrscéal Cuir in eagar ar Wikidata

Imeachtaí an Scéil cuir in eagar

Tosaíonn an scéal le Mairéad gan a bheith ag iarraidh éirí san adhmhaidin. Deirtear linn go bhfuil sí fillte ar Éirinn le tuairim is dhá mhí, agus go raibh sí ag obair le deich mbliana roimhe sin i Nua-Eabhrac, áit a raibh sí ag obair go crua le filleadh ar Phádraig fear a diongbhála. Tá máthair Phádraig sa tigh chomh maith agus deir sí le Mairéad éirí. Fágann Mairéad is Pádraig an teach roimh dó bheith geal, is casann siad ar na Loideánaigh ag dul chun na trá. Tá feamainn an chladaigh le baint acu i gcomhpháirt agus tá an Loideánach féin rud beag míshasta go bhfuil sí mall chun na trá cé go gcuireann sé seo in iúl trí dhiabhlaíocht. Is léir nach bhfuil Mairéad ró-eolach ar chúrsaí feamainne ach beartaíonn sí gur mithid di tabhairt faoin gcineál seo sclabhaíochta athuair. ‘Ón tríú cliabh amach b’fhacthas do Mhairéad go raibh na Loideánaigh ag moilleadóireacht d’aon uaim le fanacht léi féin’ Is go ciotach a bhíonn Mairéad i mbunoibre is gearann sí féin ar fhuinín feamainne. Deir Cáitín Loideáin gurbh fhearr léi bheith i Meiriceá is smaoiníonn Mairéad ar cheannaí siopa i mBrooklyn a bhí ‘ag tóint phósta uirthi’ thall ach coiníonn sí cúl ar a cuid cainte. Tá ar an meitheal na ‘clocha a fheannadh’ agus iad ag obair i gcoinne na farraige. Tar éis na feannta tosaíonn na mná ar tharraingt na feamainne. Ní go rómhaith atá Mairéad ag an obair seo is tosaíonn na fir ag tarraingt ar eagla go sciobfadh ‘an taoille tuile’ a bhfuil bainte acu. Éiríonn Pádraig feargach léi is lena cuid oibre.

‘Fág mo bhealach[… ]Glór borb coimhthíoch. Glór ó ríocht eile thar is ríocht na litreach éagaoineach, thar is ríocht an chumainn chluana, ríocht na ceannadhairte.’

Aistriúcháin cuir in eagar

Aistríodh an scéal seo go Béarla sa leabhar The Road to Brightcity le hEoghan Ó Tuairisc faoin teideal Floodtide. D'fhoilsigh Poolbeg Press as Baile Átha Cliath sa bhliain 1981 é.