Focloir.ie
Foclóir Béarla-Gaeilge atá ar fáil ar líne is ea focloir.ie, a tháinig ar an bhfód ar an 24 Eanáir 2013. Tionscadal de chuid Fhoras na Gaeilge atá ann, agus é ar fáil saor in aisce ar an idirlíon.
Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainne | https://www.focloir.ie/ ![]() |
---|---|
Cineál | foclóir ar líne ![]() |
Teanga | an Ghaeilge ![]() |
Iontráil i seirbhís | 24 Eanáir 2013 ![]() |
Tír | Éire ![]() |

LéitheoireachtCuir in Eagar
Sa bhliain 2019, bhí breis is 48,000 iontráil agus 130,000 aonad céille le fáil ar an suíomh foclóireachta. Déantar nuashonrú rialta ar an mbunachar, i bhfianaise aiseolas ón bpobal agus focail is téarmaí nua a thagann in úsáid. Tá eolas gramadaí agus comhaid fuaime ag dul leis na hiontrálacha ar an suíomh chomh maith.[1]
Ón 1 Aibreán 2018 go dtí 31 Márta 2019, d’fhéach breis is dhá mhilliún duine ar shuíomh focloir.ie. Ardú 23% é ar an tréimhse chéanna in 2017/2018. Ar an bhfón póca a dhéanann 60% de na húsáideoirí sin an cuardach, ríomhairí deisce a úsáideann 30% agus táibléid a bhíonn ag an 10% eile.
EagraíochtCuir in Eagar
Tháinig Cormac Breathnach mar bhainisteoir i gcomharbacht ar Chathal Convery sa bhliain 2019.[2] Tá Cormac Breathnach ag obair ar thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ó 2014. Bhí Cathal Convery ina Bhainisteoir Tionscadail ar an obair fhoclóireachta le breis is deich mbliana agus baint mhór aige le teacht ar an saol foclóir.ie agus lena fhorbairt ó shin.
Tá an Dr Pádraig Ó Mianáin ina eagarthóir ar an saothar.
Cuirfear leagan den bhfoclóir Béarla-Gaeilge i gcló i bhfoirm leabhair.[3]
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Cuardach déanta ar fhocal Gaeilge ag dhá mhilliún duine le bliain anuas" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-27.
- ↑ "Bainisteoir nua ceaptha ar thionscadal foclóireachta Fhoras na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-27.
- ↑ "Mary Immaculate College, Ireland" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2019-04-27.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |