Áiríonn foréigean gnéasach (nó foréigean inscneforéigean dírithe ar inscne)[1] foirmeacha foréigin, amhail foréigean i ndlúthchaidreamh, ionsaí gnéasach (lena n-áirítear éigniú agus ciapadh), foréigean síceolaíoch agus eacnamaíoch, gáinneáil ar dhaoine, striapachas éigeantais, sclábhaíocht, agus cineálacha éagsúla de chleachtais dhíobhálacha, mar phóstaí leanaí agus/nó cleamhnas, ciorrú ball giniúna ban, coireanna a dhéantar ar son na honóra mar a thugtar air, ginmhilleadh éigeantais, toircheas éigeantais agus steiriliú éigeantais.[2]

fógra de chuid an West Midlands Police, Sasana
cé chomh tromchúiseach agus atá éigniú

Is ionann foréigean inscne agus ceann de na mí-úsáidí is forleata ach is lú aitheanta in aghaidh chearta an duine. Gníomh nó bagairt díobhála é a dhéantar ar dhuine mar gheall ar a n-inscne. Cuireann foréigean inscne le bochtaineacht agus le drochshláinte ar fud an domhain agus cuireann sé bac ar an-chuid daoine, mná a bhformhór acu, leas a bhaint as lán a n-acmhainneachta.[3]

Sochaí cuir in eagar

Tá foréigean inscne (in aghaidh na mban go minic)[4] bunaithe ar ghaol cumhachta struchtúrach ordlathach agus neamhionann atá fréamhaithe i noirm inscne a bhaineann le cultúr. Taispeánann sé freisin an t-ordú san ord siombalach agus cultúrtha, agus is minic a nochtann sé é féin i bhforéigean díreach.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Gender-related violence" (as en) (2022-10-14). Wikipedia. 
  2. eige.europa.eu. "Gender-based violence against women" (ga-IE). European Institute for Gender Equality. Dáta rochtana: 2023-01-20.
  3. "Cúrsaí Comhionannais Inscne - Department of Foreign Affairs". www.irishaid.ie. Dáta rochtana: 2023-01-20.
  4. "Violence against women" (as en) (2023-01-02). Wikipedia.