Fothoghchán Oirthear an Chláir, 1917
Reáchtáladh fothoghchán in Oirthear an Chláir ar 10 Iúil 1917, tar éis bhás, Bhuaigh Éamon de Valera fothoghchán Oirthear an Chláir.[1][2]
Fothoghchán Oirthear an Chláir, 1917 | |
---|---|
Am | 10 Iúil 1917 |
Cineál | fothoghchán |
Toradh vótála | |
Cúlra
cuir in eagarTeachta Parlaiminte in Oirthear an Chláir ab ea Willie Redmond, 1900-1917 agus deartháir Chathaoirleach Pháirtí Parlaiminte, Seán Mac Réamainn. Gortaíodh go marfach an Captaen Redmond (in aois 56 bliain dó) ar an 7 Meitheamh 1917 i gCath Messines.
An feachtas
cuir in eagarBhuaigh George Plunkett,[3] athair Joseph Mary Plunkett a shínigh forógra na poblachta agus a cuireadh chun báis, bhuaigh sé fothoghchán parlaiminte i gContae Ros Comáin i bhFeabhra na bliana 1917. Dúradh ag an am gur léiriú comhbháidhe a bhí sa vóta seo agus nár bhain sé leis an bpolaitíocht i ndáiríre.
Bhuaigh Joseph McGuinness, príosúnach poblachtach agus iarrthóir Shinn Féin, fothoghchán eile i Longfort i mí na Bealtaine. Bhí ‘put him in to get him out’ mar mhana ag a lucht tacaíochta i rith an fheachtais. Dúradh ag an am go raibh na vótóirí ag iarraidh go saorfaí na príosúnaigh agus nach bhféadfaí aon tátal eile a bhaint as bua Shinn Féin.[4]
D'fhéach rialtas na Breataine an coinscríobh a chur i bhfeidhm ar Éirinn. Tharraing sé sin míghnaoi ar an rialtas ag an am.
Scaoileadh na príosúnaigh saor i mí an Mheithimh. Scaoileadh Éamon de Valera saor chomh maith agus roghnaíodh é mar ionadaí Shinn Féin d’Oirthear an Chláir.
Roghnaigh an United Irish League iarrthóir maith, Patrick Lynch (Ard-Aighne na hÉireann níos déanaí). a raibh aithne ag vótóirí an toghlaigh air.[5]
Roghnaigh Sinn Féin strainséir: múinteoir matamaitice a rugadh i Nua-Eabhrac, a tógadh i gcontae Luimnigh, agus a raibh cónaí air i mBaile Átha Cliath. Ní raibh ach cáilíocht amháin ag an iarrthóir poblachtach: ba é an t-oifigeach ab airde céime é a throid san éirí amach agus nár cuireadh chun báis. B’ionann fothoghchán an Chláir agus reifreann ar Éirí Amach 1916.[4]
Bhí De Valera in éide Óglaigh, agus clár poblachtach Fhorógra na Cásca mar pholasaí aige.[6]
Chabhraigh an Dr Éamonn Mac Giolla Iasachta le feachtas toghcháin de Valera agus thug a ghluaisteán dó ar feadh coicíse le canbhasáil a dhéanamh.[7]
Fothoghchán
cuir in eagarBhuaigh Éamon de Valera ar Patrick Lynch ó Pháirtí Parlaiminteach. Nuair a comhaireadh na vótaí, bhí 5,010 vóta ag Éamon de Valera agus 2,035 vóta ag an iarrthóir eile. Fuair de Valera tromlach 2,975 vóta, agus toghadh Éamon de Valera mar Fheisire Parlaiminte Shinn Féin ar son Oirthear an Chláir.
Rinneadh Uachtarán de Shinn Féin De Valera. Atoghadh De Valera mar ionadaí parlaiminte ar son an Chláir sna hOlltoghcháin ina dhiaidh sin go dtí gur toghadh mar Uachtarán é in 1959.[8]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Seosamh Ó Cuaig (16 Nollaig 2020). "Imríodh cluiche ceannais peile na hÉireann cheana i mí na Nollag…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-10.
- ↑ Pádraig Ó Snodaigh (1967). "An toghchán ba thábhachtaí ariamh?". Comhar 26 (7): 6–9. doi: . ISSN 0010-2369.
- ↑ "George Oliver Plunkett" (as en) (2022-02-13). Wikipedia.
- ↑ 4.0 4.1 Vincent Morley. (2016-05-23). "Aigne an phobail: guagach nó seasta?". Cúrsaí Staire. Dáta rochtana: 2022-07-10.
- ↑ "Lynch, Patrick Gregory | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-07-10.
- ↑ Nollaig Ó Gadhra., 'Níl aon Sinn Féin mar do Shinn Féin féin'. Feasta 58 (11), Leathanach 19-22. Samhain 2005
- ↑ "Dr Edward Mac Lysaght / An Dr Éamonn Mac Giolla Iasachta: Active in War of Independence 1918-21". www.clarelibrary.ie. Dáta rochtana: 2022-07-10.
- ↑ Office of the President of Ireland. "The President Eamon Devalera" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2022-07-10.