Francis John Byrne
Staraí Éireannach ba ea Francis John Byrne (1934 – 30 December 2017[1]).
Francis John Byrne | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | Shang-hai, 1934 |
Náisiúntacht | Éire |
Bás | 30 Nollaig 2017 |
Oideachas | |
Alma mater | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gairm | |
Gairm | údar agus staraí |
Rugadh é in Shanghai áit a bhí a athair, as Dún Dealgan ó dhúchas, ina chaptaen báid ar an Abhainn Bhuí. D'aslonnaigh Byrne lena mháthair go dtí an Astráil nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach. Tar éis an chogaidh, d'fhill idir a athair, a tháinig slán as imtheorannú, agus a mháthair ar ais go hÉirinn. D'éirigh a athair ina mháistir cuain.
Chuaigh Byrne mar dhalta chuig Coláiste na Carraige Duibhe i gContae Bhaile Átha Cliath. D'fhoghlaim sé ann Laidin agus Sean-Ghréigis, chun chur leis an Sínis a bhí aige óna óige. Ghabh sé céim chéad onóracha amach i LuathStair na hÉireann ag An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Rinne sé pailéagrafaíocht agus Laidin mheánaoiseach sa Ghearmáin, agus i ndiaidh sin then lectured ar teangacha Ceilteacha sa tSualainn. D'fhill sé ar ais go hÉirinn sa bhliain 1964 chun éirí ina ollamh ag UCD.
Is é Irish Kings and High-Kings (1973) an saothar is mó le rá le Byrne. Bhí sé ina chomh-eagarthóir New History of Ireland (9 imleabhar) foilsithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann. Foilsíodh festschrift ina onóir sa bhliain 1999 faoi stiúir a iar-dhalta, Alfred Smyth.
Chuaigh Byrne ar scor sa bhliain 2000. Fuair sé bás i mí na Nollag, 2017.
LeabharliostaCuir in Eagar
- Irish Kings and High-Kings. 3ú eagrán athbhreithnithe, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2001. ISBN 978-1-85182-196-9
- Alfred P. Smyth (eag.), Seanchas: Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis J. Byrne. Baile Átha Cliath: Four Courts, 1999. ISBN 978-1-85182-489-2
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
- UCD President's Report 2000, fógra faoi scoir Francis J. Byrne agus nóta beatha
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Fógra Báis: Prof. Francis John Byrne, Monkstown, Dublin, Ireland". Dáta rochtana: 13ú Aibreán 2018.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |