Fritz Bayerlein
Bhí Fritz Hermann Michael Bayerlein (14 Eanáir 1899 – 30 Eanáir 1970) ina ghinearál i Wehrmacht na Gearmáine Naitsíoch le linn an Dara Cogadh Domhanda. Bhí sé ina oifigeach foirne ar dtús, páirteach le Erwin Rommel san Afrika Korps. Ansin bhí sé i gceannas ar an 3ú Rannán Panzer, ar Rannán Panzer Lehr agus ar Chór Airm LIII i láthair chogaidh na hEorpa. Fuair Bayerlein an bonn 'Crois an Ridire le Duilleoga Daracha agus Claimhte' .
Ainm sa teanga dhúchais | (de) Fritz Hermann Michael Bayerlein |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 14 Eanáir 1899 Würzburg, An Ghearmáin |
Bás | 30 Eanáir 1970 71 bliana d'aois Würzburg, An Ghearmáin |
Áit adhlactha | Hauptfriedhof Würzburg (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saighdiúir |
Tréimhse oibre | 1917 – |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Gearmáin na Naitsithe |
Brainse míleata | Arm Impiriúil na Gearmáine |
Céim mhíleata | oifigeach coitianta saighdiúir |
I gceannas ar | Panzer Lehr Division (en) |
Coinbhleacht | Battle of Alam el Halfa (en) , Cath na Boilsce agus An Chéad Chogadh Domhanda |
Gradam a fuarthas | |
Dara Cogadh Domhanda cuir in eagar
D'fheidhmigh Bayerlein mar oifigeach foirne don Ghinearál Heinz Guderian le haghaidh ionradh na Polainne agus Cath na Fraince. In Oibríocht Barbarossa, ionradh an Aontais Shóivéadaigh, i mí an Mheithimh 1941, cuireadh Bayerlein chuig na foirne ag Panzerghrúpa 2 de chuid Guderian. Tar éis Chath Kiev, aistríodh Bayerlein chuig foireann an Ghinearáloberst Erwin Rommel. Aistríodh Bayerlein go dtí an Führerreserve i Lúnasa 1942, ansin cuireadh é ag obair san Afrika Korps mar Cheann Foirne.