Téarma neamhchruinn atá in úsáid chun foinsí fuinnimh nach mbraitheann ar loisceadh breoslaí iontaisithe (gual, ola, gás nádúrtha) ná fuinneamh núicléach chun leictreachas a ghiniúint nó feithiclí a fhuinnmhiú. Bíonn baol ag baint le cúrsaí núicléacha. Agus níl na breoslaí iontaisithe in-athnuaite, agus astaíonn a loisceadh truailliú san atmaisféar. Mar sin, tá spéis i bhfoinsí eile (mar shampla, fuinneamh gréine, fuinneamh geoiteirmeach, hidrileictreachas, fuinneamh gaoithe, fuinneamh na dtaoidí, is eile) ag fás ar fud an Domhain. Baineann tábhacht ar leith leis na foinsí eile seo i dtíortha gan acmhainní breoslaí iontaisithe, agus tíortha atá á bhforbairt. Mar sin féin, níl saothrú na bhfoinsí seo gan deacrachtaí. Mar shampla, chun leas a bhaint as fuinneamh na dtaoidí, is gá baráiste a thógáil trasna inbhear abhann, rud a chuirfeadh isteach ar éiceachóras an inbhir is na habhann. Chun hidrileictreachas a ghiniúint, is gá gleannta a bhá agus daoine a asáitiú, mar a rinneadh sa tSín le Damba Mór na dTrí Mhám. Ní maith le cuid de na daoine muilte gaoithe sa tírdhreach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuinneamh malartach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 295.