Is cur i láthair greannmhar atá i gceist le fuirseoireachtgreann ar na boinn, os comhair slua de ghnáth. Tá go leor cineálacha éagsúla grinn i gceist léi.

WD Bosca Sonraí GairmFuirseoireacht
Cineál fostaíochta
na taibhealaíona agus coiméide

Bíonn fuirseoirí ag bualadh bleid ar dhaoine den lucht féachana ag pointí áirithe sa seó ar mhaithe le haird an tslua a mhúscailt agus a choinneáil, agus fitear tagairtí do na sealanna gearra comhrá sin isteach sa chuid eile den seó, ar bhealach nádúrtha más féidir. "Tugtar le fios nach script dhocht atá á leanúint, rud nach fíor ach go hannamh."[1]

Áirítear mar léiriú ar chumas maith grinn é nuair nach mbíonn "an té atá thíos á bhualadh" de shaint ar gháirí.[1]

Bíonn a lán scileanna éagsúla i gceist leis an gceird, dar leis an bhfuirseoir mór le rá Aideen McQueen, m.sh. "conas aird an lucht féachana a choinneáil, conas thú féin a chur i láthair, agus déileáil le brú agus le daoine deacra." Is minic a ghlacann sé achar fada go leor sula mbíonn fuirseoirí in acmhainn maireachtáil uirthi. "Cuireann sé iachall ort an taobh éadrom den saol a fheiscint" áfach. "D’fhéadfadh an rud is mó atá ag cur as duit faoi láthair a bheith ina scéal grinn iontach".[2]

Is gnách tosú amach ar oícheanta ‘maidhc oscailte’ agus cuid mhaith taithí a fháil ar an mbealach sin sula mbíonn airgead ar bith gur fiú trácht air i gceist.[2]

Fuirseoireacht as Gaeilge

cuir in eagar

"Tá an greann trí Ghaeilge tagtha chun cinn go mór le tamall de bhlianta agus feictear oícheanta éagsúla ar bun fud fad na tíre, ag GaelGÁIRÍ agus ag dreamanna go leor."[1]

Bhunaigh an fuirseoir le Gaeilge Aideen McQueen cúrsa 10 seachtaine fuirseoireachta i mBaile Átha Cliath mar a fhoghlaimíonn daoine "faoina stíl, a gcur i láthair, scríobh ábhair grinn, teacht i láthair ardáin, an phearsantacht ardáin, an greann comhaimseartha, an greann carachtair, seiftiú ar an láthair agus scéalaíocht."[3][2]

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar