Radaíocht leictreamaighnéadach le tonnfhaid an-ghairide (níos lú ná 0.3 × 10-12 m) atá i gceist le gámaradaíocht. Níl aon lucht leictreach inti. Tá sí cosúil le X-radaíocht, ach go n-astaítear í le linn meatha radaighníomhaigh ina dtarlaíonn aistrithe ó staideanna flosctha ardfhuinnimh chuig staideanna d'fhuinneamh níos lú sna núicléis. Foinse choitianta is ea cóbalt-60, a bhfuil leathré 5.26 bliain aige.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gáma-radaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 304.