Géarchéim airgeadais 2007-2008

Tharla an ghéarchéim airgeadais 2007-2008 nuair a phléasc an bolgán tithíochta amach sna Stáit Aontaithe agus tar éis do na bainc bheith ag tabhairt iasachtaí go doscaí (iasachtú fophríomha go háirithe)

2003-2007 i SAMː bhí an ghiaráil chaipitiúil ag éirí agus ag éirí
easpa infheistíochta i 2008 agus níos déanaí sna Stáit Aontaithe

ImeachtaíCuir in Eagar

Ar an 6 Meán Fómhair 2008, ghlac rialtas SAM seilbh a ghabháil ar Fannie Mae agus Freddie Mac.[1]

Ar an 15 Meán Fómhair, chlis an gnólacht baincéireachta domhanda Lehman Brothers,[2] [3]

Deirtear gurb iad na himeachtaí sin (cliseadh Fannie, Freddie agus Lehman) a chuir tús leis an ngéarchéim airgeadais san Eoraip.[4] Ach tharla an cliseadh cúpla lá níos déanaí, nuair a chuaigh tarrtháil na hearnála baincéireachta i sáinn.

Sna Stáit Aontaithe, ar an 28 Meán Fómhair; dúirt Comhdháil na Stát Aontaithe ní bheadh ar an gcáiníocóir an difear a dhéanamh suas.[5]

Tharla "Luan Dubh an Áir" ar an 29 Meán Fómhair. Chonacthas titim mhór ar luach scaireanna airgid ar stocmhalartáin na hEorpa go háirithe agus iad ag trádáil idir 8% -18% níos ísle ná 28 Meán Fómhair.[6]

Polasaithe curtha i bhfeidhmCuir in Eagar

Beartais  airgeadaisCuir in Eagar

Glacadh céimeanna (a bheag nó a mhór) i ngach tír chun taisceoirí beaga a chosaint, ionas nach mbeadh ruathar ar na bainc agus daoine ag iarraidh a gcuid airgid a bhaint amach.

Polasaithe airgeadaíochtaCuir in Eagar

Agus iad ag freagairt ar bhealach comhordaithe do shuaitheadh mór an mhargaidh, chuir bainc cheannais ar fud an domhain na billiúin dollar agus euro de leachtacht ar fáil do mhargaí airgeadais.

Imeachtaí in ÉirinnCuir in Eagar

Bhí brú nach beag ar na bainc in Éirinn. Nuair a chlis ar bhoilgeog na dtithe cónaithe sa tír seo, chonacthas a laige a bhí a leibhéil chaipitil agus a leabhair iasachta.

Ghlac an rialtas Éireannach céimeanna thar a beith mór chun na taisceoirí go léir a chosaint (fiú na taisceoirí mhóra thar lear). Mar shampla, i mí Mheán Fómhair 2008, méadaíodh Scéim Ráthaíochta Taiscí na hÉireann (SRT) ó €20,000 go €100,000 agus glacadh comhair chreidmheasa faoina coimirce den chéad uair riamh.

Cúpla lá níos déanaí, tugadh isteach reachtaíocht éigeandála chun ráthaíocht gan teorainn a thabhairt do gach taisce i sé institiúid a bhí faoi úinéireacht Éireannach.

Ansin rinne an Stát na bainc a athchaipitliú, agus rinneadh Anglo Irish Bank a náisiúnú i ndeireadh na dála in 2009.

CeachtannaCuir in Eagar

Léirigh an ghéarchéim airgeadais agus an meathlú eacnamaíochta gur theip ar na húdaráis, in Éirinn agus thar lear, an múnla ceart a chur ar an chóras rialúcháin airgeadais.[7]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Federal takeover of Fannie Mae and Freddie Mac" (in en) (2020-08-03). Wikipedia. 
  2. centralbank.ie (2018). "Scéal Bhanc Ceannais na hÉireann - 75 BLIAIN AG FORBAIRT". Dáta rochtana: 2020.
  3. "Bankruptcy of Lehman Brothers" (in en) (2020-09-24). Wikipedia. 
  4. Séamas Ó Meachair. "Cumhacht Chiúin Merkel Banríon na Déine" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-09-29.
  5. "US economy: 'Toxic' Wall Street $700 billion bail-out rejected" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2020-09-29.
  6. Nuacht RTÉ (2008-09-29). "Cinnlínte Nuachta" (in ga). 
  7. Ciarán Mac Aonghusa (EAGRÁN 91 · SAMHAIN 2008). "Athbhreithnú de dhíth ar struchtúr an Rialtóra Airgeadais" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-09-29.
  8. Ciarán Dunbar. "Géarchéim cad é? Léargas ar bhéarlagair na heacnamaíochta" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-09-29.