Gabháil Vel' d'Hiv', 1942

Tharla Gabháil Vel' d'Hiv' (La Rafle du Vélodrome d'HiverFuadach na nGiúdach) ar 16-17 Iúil 1942 i bPáras, le linn an Dara Cogadh Domhanda.[1] Ar 16ú Iúil, go moch ar maidin, gabhadh nach mór 13,152 Giúdach sa phríomhchathair. Ina measc, bhí 5,919 bean agus 4,115 páiste (an leanbh is óige 18 mí). Giúdaigh eachtrannacha ba ea iad an chuid is mó (dídeanaithe, lucht gan stát agus lucht iarrtha tearmainn ina measc),

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGabháil Vel' d'Hiv', 1942
Íomhá
Cineálollghabháil
roundup (en) Aistrigh
Nazi roundup (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósVélodrome d'Hiver agus Operation Spring Breeze (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deOperation Spring Breeze (en) Aistrigh agus an tUileloscadh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse16 - Iúil 17, 1942


Gabháil i bPáras

CúlraCuir in Eagar

Tuigtear gur ag Comhdháil Wannsee i mí Eanáir 1942 a cuireadh le chéile an modus operandi chun fáil réidh leis na Giúdaigh ar scála tionsclaíoch ar tugadh an 'Réiteach Deireanach' air.[2]

Chuaigh an scéal amach sa Fhrainc gur ghá na Giúdaigh a ghabháil agus a choinneáil in áiteanna faoi leith fad is a bhí na campaí báis á dtógáil.[3]

Chreid an Maréchal Pétain, uachtarán rialtas Vichy, agus a phríomhaire, Pierre Laval, gur ghá 'mórghlanadh' a dhéanamh ar shochaí na Fraince. Chuir siad rompu, dá bhrí sin, an pobal Giúdach mar aon le dreamanna eile, ina measc na cumannaithe, an lucht siúil agus na máisiúin, a dhíbirt as an tír.

ObráidíCuir in Eagar

Leagadh síos cuóta de 23,000 Giúdach don ruathar in Iúil 1942.

Coinníodh na daoine seo sa Vélodrome d'Hiver, staidiam rásaí rothar, i lár Pháras féin - nó in ionaid choinneála eile - ar feadh tréimhse cúpla lá. Scaipeadh iad ansin chuig campaí ar nós Drancy[4] agus Beaune-la-Rollande taobh amuigh den chathair.[3]

Cuimhneachán do na páistí, Páras[5]

Bhí Páras faoi fhorghabháil na Naitsithe ag an am. Ach d'éagraigh an Rialtas Vichy an obráid ó thús deireadh.

Léirigh státseirbhísigh Fhrancacha, ar nós Réné Bousquet i bPáras (i gceannas na bpóilíní ... feallmharaíodh é i 1993),[6] díograis na Giúdaigh a thabhairt suas.

Níos déanaíCuir in Eagar

Tugadh mór-ruathar eile faoin bpobal Giúdach i bPáras i mí Lúnasa na bliana céanna agus arís i mí Eanáir '44 i gceantar Bordeaux.[3]

CuimhneachánCuir in Eagar

Ina uachtarán nuathofa ar an tír, ar 16 Iúil 1995, i Square des Martyrs du Vel d'Hiv i bPáras, thug Jacques Chirac caint ina ndéantar tagairt don "mhasla a tugadh do stair na Fraince agus dá traidisiúin" nuair a tugadh ordaithe díbeartha sa Fhrainc do na Giúdaigh le linn an Dara Cogadh Domhanda.[3]

Is é La Rafle (The Round-Up)[7] an chéad scannán Francach, sa bhliain 2010, a léirígh go neamhbhalbh an bealach inar chomhoibrigh na húdaráis sa Fhrainc leis na Naitsithe chun na dlí the frith-Ghiúdacha a chur i bhfeidhm.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Agallamh le Rachel Jedinak, 8 bliain d'aois ag an am agus an t-aon páiste amháin, beagnach, a tháinig slán as an gcoir (2022-07-16). "Déportation : la rafle du Vel d’Hiv dans toutes les mémoires" (fr-FR). Franceinfo. Dáta rochtana: 2022-07-16.
  2. "Final Solution" (as en) (2022-05-25). Wikipedia. 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 PJ Mac Gabhann. / https://comhar.ie/iris/+(Aib. 2010). "La Rafle - Fuadach na nGiúdach, Comhar 70 (4), 9-10." (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2020-09-26.
  4. Suite ar imeall na cathrach, is bruachbhaile é Drancy. Tá an foirgneamh fós ann.
  5. "Jardin mémorial des enfants du Vél' d'Hiv'" (as fr) (2022-04-10). Wikipédia. 
  6. "René Bousquet" (as en) (2022-07-11). Wikipedia. 
  7. "The Round Up (2010 film)" (as en) (2022-06-19). Wikipedia.