Is é an gadailiniam dúil uimhir a 64, agus Gd an giorrúchán a fheictear sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na lantanóidigh é. Fuair sé a ainm ón gceimiceoir Fionlannach Johan Gadolin, a raibh an-ról aige i dtaighde ceannródaíoch na miotal tearc-chré. Ba é an ceimiceoir Francach Paul Émile François Lecoq de Boisbaudran ba thúisce a d'aonraigh ocsaíd an ghadailiniam ó ocsaídí na lantanóideach eile, thiar sa bhliain 1886, ach ní rabhthas ábalta an miotal féin a aonrú ach le déanaí. Tá an gadailiniam in ann radaíocht neodrón a stopadh go héifeachtach, agus mar sin, úsáidtear mar sainsciath chosanta in aghaidh neodrón é. Úsáidtear gadailiniam san íomháú athshondais mhaighnéadaigh, teicníocht déanta íomhánna a cheadaíonn do na dochtúirí taighde a dhéanamh ar struchtúr inmheánach an choirp gan dul i dtuilleamaí radaíochta.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachGadailiniam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Gadailiniam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachGd
Uimhir adamhach64
Mais adamhach157.25
Peiriad, Grúpalantanóidigh
peiread 6
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.2
Ga ianach0.94 agus 1.05
Stair
AimsitheoirJean Charles Galissard de Marignac
Fionnachtain1880
EapainmJohan Gadolin

Is é +III an staid ocsaídiúcháin is dual don ghadailiniam ina chuid comhdhúl. Mar sin, is lantanóideach tipiciúil é.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar