Gaelsaoire

eagraíocht faoi scáth Údarás na Gaeltachta a chuir turasóireacht chun cinn sa Ghaeltacht

Ba thionscnamh turasóireachta de chuid Údarás na Gaeltachta é GaelSaoire.[1] Bhí sé mar aidhm aige turasóireacht chultúrtha a fhorbairt agus a chur chun cinn i gceantair Ghaeltachta.[2] Bhí eolas ar fáil ar shuíomh GaelSaoire mar gheall ar thaisteal go dtí na Gaeltachtaí, lóistín, imeachtaí agus gníomhaíochtaí.

Gaelsaoire sna Gaeltachtaí

Níl an suíomh Gaelsaoire.ie ar fáil níós mó. Dúirt Údarás na Gaeltachta sa bhliain 2016 go raibh suíomh nua á fhorbairt agus níor coinníodh liosta lóistín níos mó.[3] Níor tharla faic ó shin agus níor tugadh le fios cén fáth .

Stop Údarás na Gaeltachta an tseirbhís Gaelsaoire

StairCuir in Eagar

Bhí an suíomh bunaithe ar dtús ar thaighde a rinne duine príobháideach sna 1990idí le teacht an idirlín agus an suíomh "Eolaire" bunaithe aige.

D'fhorbair Údarás na Gaeltachta "Gaelsaoire" mar bhranda agus uirlís margaíochta ach chuir siad béim ar thacaíocht mhaoinithe a chur ar fáil do lucht seirbhísí turasóireachta le go ndéanfadh siad féin a gcuid margaíochta.[4] D'oibreodh tionscal turasóireacht an Údaráis, GaelSaoire, "i bpáirtíocht le soláthróirí seirbhísí turasóireachta sa Ghaeltacht chun pacáistí tarraingteacha saoire le 'blas' ar leith Gaeltachta a fhorbairt agus a mhargú.

Luaigh an t-aire rialtais Éamon Ó CuÍv gur mhór an difear idir an mhargaíocht a bhí ar siúl ag GaelSaoire agus Fáilte Éireann; an chéad ghrúpa ag cur béim ar leith ar shainiúlacht teanga na Gaeltachta mar ionad saoire agus an dara ceann ag cur na tíre i láthair mar ionad aonteangach Béarla.[5]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Gaelchultúr - Eolaire na Gaeilge, D–G". www.gaelchultur.com. Dáta rochtana: 2020-09-27.
  2. "Online resources". www.uni-due.de. Dáta rochtana: 2020-09-27.
  3. "https://twitter.com/udarasnag/status/705786717475872768" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2020-09-27.
  4. "Ar lorg airgid leis an teanga a chur chun cinn" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-09-27.
  5. Póilín Ní Chiaráin (3 Márta 2004). "O Cuiv le coiste comhairleach teanga a bhunu" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-09-27.