Galileo Galilei

matamaiticeoir, fisiceoir, réalteolaí, agus fealsamh Iodálach
(Athsheolta ó Galileo)

Eolaí, fealsamh agus réalteolaí iomráiteach as Pisa na hIodáile ba ea Galileo Galilei (15 Feabhra 1564 - 8 Eanáir 1642); Galileo a thugtar air de ghnáth.

Galileo Galilei
Galileo.arp.300pix.jpg
Saol
Ainm iomlánGalileo di Vincenzo Bonaiuti de' Galilei
Eolas breithePisa, 15 Feabhra 1564
NáisiúntachtDuchy of Florence (en) Aistrigh
Ard-Diúcacht na Tuscáine
Áit chónaithePisa
Padua
Flórans
BásArcetri (en) Aistrigh, 8 Eanáir 1642
Áit adhlacthaBasilica of Santa Croce (en) Aistrigh
Muintir
AthairVincenzo Galilei
MáthairGiulia Ammannati
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Páirtí/PáirtitheMarina Gamba (en) Aistrigh
Páistí
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materOllscoil Pisa
(1581 - 1585) : míochaine, matamaitic
Stiúrthóir tráchtaisOstilio Ricci
Mic léinn dochtúireachtaGiuseppe Biancani
Benedetto Castelli
Mario Guiducci
Vincenzo Viviani
TeangachaAn Laidin
An Iodáilis
Mic léinnNiccolò Arrighetti
Giuseppe Biancani
Gairm
Gairmréalteolaí, fealsamh, matamaiticeoir, fisiceoir, cumadóir, astralaí, Ileolaí, múinteoir ollscoile, eolaí, innealtóir agus fealsamh
Áit oibrePisa, Padua agus Flórans
FostóiríOllscoil Pisa  (1589 -
Ollscoil Padua  (1592 -
Saothar iomráiteachGalilean transformation (en) Aistrigh
equations for a falling body (en) Aistrigh
BallraíochtAccademia della Crusca
Accademia dei Lincei
Accademia delle Arti del Disegno (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Laidine
Discogs ID2765085
Galileo Galilei Signature 2.svg

"Athair na heolaíochta" a thugtar air, agus chuir Galileo tús leis an eolaíocht nua-aoiseach.[1] Bhí sé orthu siúd ba mhó a d’fheabhsaigh an teileascóp, agus bhí tuairimí nua tábhachtacha aige i gcúrsaí réalteolaíochta agus fisice. Ba é Galileo an chéad réalteolaí a d’úsáid eolaíocht chun staidéar a dhéanamh ar an gcruinne.[2]

EolaíCuir in Eagar

D'fhorbair Galileo an modh nua-aoiseach eolaíochta ina ndéantar breathnú is tomhais ar fheiniméan, a saothraítear teoiric mhatamaiticiúil a chuimsíonn na tomhais ansin, agus a ndéantar tuilleadh tomhas nua chun an teoiric a thástáil is a leathnú. Shaothraigh Galileo an tuiscint go dtiteann réada faoi luasghéarú tairiseach, an chéad dlí sa mheicnic chlasaiceach.

An teileascóp (Hubblecast, as Béarla)
Cannocchiale (Iodáilis)

Deirtear gur chruthaigh Galileo an dlí seo trí dhá réad le meáchain éagsúla a ligean anuas ó thúr claonta Pisa gur shroich siad an talamh ag an am céanna. Ní féidir gur fíor é seo, mar go dtiocfadh frithchuimilt leis an aer san áireamh. Ní bhuailfeadh siad an talamh ag an am céanna, ach amháin dá dtitfeadh siad trí fholús.

TeileascópCuir in Eagar

Níor fhionn Galileo an teileascóp, ach d'fhorbair sé é agus bhain feidhm as chun a chruthú go dtimpeallaíonn an domhan is na pláinéid eile an ghrian, mar a thuig is a thairg Copernicus roimhe.

Sa bhliain 1609, chuala Galileo faoi aireagán nua – an teileascóp. Shocraigh sé go ndéanfadh sé ceann dó féin. Ní raibh leagan amach na cruinne feicthe ag duine ar bith go dtí sin. Bhí orthu an leagan amach a shamhlú.

D’airg Hans Lippershey, radharceolaí san Ollainn, an chéad teileascóp sa bhliain 1608.[3] Ní fhaca Galileo aon phictiúr den teileascóp ach shocraigh sé go ndéanfadh sé féin ceann le féachaint ar an spás. Ar an gcéad teileascóp a rinne Galileo, bhí dhá fheadán a shleamhnaigh isteach ar a chéile, agus bhí lionsa ag a bhun agus ag a bharr. Ní raibh leagan amach na cruinne feicthe ag duine ar bith go dtí sin

Bhí Galileo in ann féachaint ar Bhealach na Bó Finne - ár réaltra – tríd an teileascóp seo. Fuair sé amach go raibh na milliún réalta ann. Bhí faid éagsúla ag gach réalta ón domhan.

Nuair a d’fhéach sé ar an ngealach, chonaic sé go raibh sléibhte, gleannta agus cráitéir uirthi. Cheap gach duine go dtí sin go raibh an ghealach chomh mín le liathróid snúcair. Ach chonaic Galileo nach raibh sí mar sin ar chor ar bith.

Fuair Galileo amach freisin go raibh ceithre ghealach ag gluaiseacht thart ar Iúpatar. Seo é an rud ba thábhachtaí a fuair sé amach faoin spás. Ag an am, cheap daoine go raibh gach rud sa chruinne ag imrothlú thart ar an domhan, ach chruthaigh Galileo nach raibh.

TeirmiméadarCuir in Eagar

D’airg Galileo an chéad teirmiméadar riamh.[4] Rinne Galileo teirmiméadar as bolgán gloine a bhí lán le huisce. Ghluais an t-uisce suas síos sa bholgán de réir mar a d’athraigh an teocht.

Tá teirmiméadar Galileo sa bhaile ag a lán daoine inniu. Is feadán séalaithe é teirmiméadar Galileo. Tá leacht trédhearcach ann. Tá bolgáin bheaga istigh san fheadán. Tá leacht daite sna bolgáin seo. Tá lipéad ar gach bolgán agus teocht áirithe marcáilte air, m.sh 18°C nó 20°C. De réir mar a athraíonn an teocht sa seomra, ardaíonn nó íslíonn na bolgáin san fheadán. Chun teocht an tseomra a léamh, léann tú an lipéad atá ar an mbolgán is ísle san fheadán.

 
Galileo os comhair an Ionchoisne sa Róimh

NaimhdeasCuir in Eagar

Tharraing Galileo naimhdeas na n-údarás san Eaglais Chaitliceach ar Galileo: Bhí cléir na heaglaise an-chumhachtach ag an am sin agus ní raibh siad sásta nár aontaigh Galileo leo. Bhí intleachtóirí a linne go tréan ar son an gheolárnachais nó an domhanlárnachais, is é sin shíl siad gurb é an domhan lárphointe na chruinne.[5]

Cuireadh Galileo os comhair na Cúistiúnachta, agus cuireadh bac air a chuid smaointe a chraobhscaoileadh. D’ordaigh an Pápa go mbeadh Galileo ina phríosúnach ina theach féin agus chaith sé deich mbliana mar sin go bhfuair sé bás.

TioncharCuir in Eagar

Thosaigh Isaac Newton ó bhonn obair Galileo chun an fhisic chlasaiceach a shaothrú.

Inniu ní mór struchtúr matamaiticiúil nua a nochtadh, amhail do-athraitheacht Galileo, nó teoiric chuaire spás-ama. Is dócha go bhfuil na huirlisí againn chun é a aimsiú, ach b’fhéidir go mbeadh sé i bhfad níos éasca le ríomhaire candamach.[6]

SaolCuir in Eagar

Ba cheoltóir den scoth é Galileo. Nuair a bhí sé óg theastaigh uaidh bheith ina dhochtúir. Ach ansin, d’fhás an tsuim a bhí aige san eolaíocht, go háirithe sa réalteolaíocht. Fuair Galileo bás in Arcetri na hIodáile ar 8 Eanáir 1642 (77 bliain d’aois ag an am; tháinig fiabhras air agus bhí an croí ag dul dó).

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh n Eolais" (Coiscéim). 
  2. cogg.ie. "Eureka 11.4". Dáta rochtana: 2021.
  3. cogg.ie. "Eureka 4-21". Dáta rochtana: 2021.
  4. cogg.ie. "Eureka 4-20". Dáta rochtana: 2021.
  5. conlangbloggari (2014-08-17). "Nuacht (agus Seanchas) ó Shaol na hEolaíochta" (ga). Tuairisceoir an Dúin. Dáta rochtana: 2021-01-08.
  6. dias.ie. "BUNPHRIONSABAIL MATAMAITICE AN DÚLRA A SCAOILEADH". Dáta rochtana: 2021.