George Best

imreoir sacair as Béal Feirste

Peileadóir sacair as Béal Feirste i dTuaisceart Éireann ab ea George Best (22 Bealtaine, 1946 - 25 Samhain, 2005). D'imir sé le foireann sacair náisiúnta Thuaisceart Éireann agus le Manchester United F.C..

George Best
George Best (1976).jpg
Guth
Saol
Eolas breitheBéal Feirste, 22 Bealtaine 1946
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
BásLondain, 25 Samhain 2005
Cúis bháisbás nádúrtha (cliseadh duán)
Muintir
Céile/CéilíAngie Best (en) Aistrigh  (Eanáir 24, 1978 -
Alex Best (en) Aistrigh  (Iúil 24, 1995 -  Aibreán 14, 2004)
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Alma materGrosvenor Grammar School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmimreoir sacair agus tráchtaire spóirt
Cur síos
Grúpaí Blianta I C
600px Man Utd stylized.svg Manchester United Football Club1963-1974361137
Flag of None.svg Northern Ireland national association football team1964-1977379
Flag of None.svg Jewish Guild1974-197451
Flag of None.svg Dunstable Town F.C.1974-197400
Flag of None.svg Stockport County F.C.1975-197532
Flag of None.svg Cork Celtic F.C.1975-197630
Flag of None.svg Los Angeles Aztecs1976-19762315
600px FFC su sfondo Bianco e Nero.png Fulham Football Club1976-1977428
Flag of None.svg Los Angeles Aztecs1977-19783212
Flag of None.svg Fort Lauderdale Strikers1978-1979286
600px Colori della Edimburgo cattolica.png Hibernian Football Club1979-1980173
Flag of None.svg San Jose Earthquakes1979-19808634
Flag of None.svg Fort Lauderdale Strikers1979-1979337
Flag of None.svg San Jose Earthquakes1980-19815621
Flag of None.svg Sea Bee1982-198220
Flag of None.svg Hong Kong Rangers FC1982-198210
Flag of None.svg Nuneaton Borough F.C.1983-198331
Flag of None.svg Queensland Lions FC1983-198340
Flag of None.svg AFC Bournemouth1983-198350
Flag of None.svg Tobermore United F.C.1984-198446
 
Ionad nó speisialtachtwing half (en) Aistrigh
Uimhir spóirt11
Meachán65 kg
Airde175 cm
Duaiseanna
IMDbnm0078928
Discogs ID2197243
George Best.jpg

Meastar go coiteann go raibh sé ar dhuine de na himreoirí sacair ab fhearr riamh, " imreoir a áirítear i measc an bheagáin sin a bhfuil fíorstádas i measc imreoirí sacair an domhain acu.".[1] Dúirt Pelé i 1966, ‘George Best is the greatest footballer in the world’. B’fhíor dó – ar feadh bliana, nó dhó.

1982

PeilCuir in Eagar

Bhuaigh Beat Corn na hEorpa le Manchester United i 1968.

Tar éis dó ‘éirí as’ an imirt, in aois a 25, sa bhliain 1971, ag preas-agallamh i Marbella, dúirt sé, ‘I’m a bloody wreck. All I’ve done for the past year is drink. I can’t play to a high standard any more.’

Ach tháinig Best ar ais. Arís is arís eile – club i ndiaidh club, leithscéal i ndiaidh leithscéil, go dtí nach raibh ann sa deireadh, agus é meata go mór agus imithe ar fad ar an uisce bruite, ach an scáil, lagmhacalla tragóideach na sean-áilleachta.

I 1978, i Meiriceá, agus bánta na maitheasa i bhfad san aimsir chaite leis, d’aimsigh an t-asarlaí cúl álainn eile (anseo)[2]. Ach fuair an t-ól greim air sna Stáit Aontaithe chomh maith.

Fóirne mar imreoirCuir in Eagar

  • 1963–1974 - Manchester United
  • 1974 - Dunstable (ar iasacht)
  • 1975 - Stockport County
  • 1975–1976 - Cork Celtic
  • 1976 - Los Angeles Aztecs
  • 1976–1977 - Fulham F.C.
  • 1977–1978 - Los Angeles Aztecs
  • 1978–1979 - Fort Lauderdale Strikers
  • 1979–1980 - Hibernian F.C.
  • 1980–1981 - San Jose Earthquakes
  • 1983 - Bournemouth
  • 1983 - Brisbane Lions
  • 1984 - Tobermore United

Saol pearsantaCuir in Eagar

 
MUFC - Best i lár

Ba laoch é Best do na milliúin ar fud na Breataine agus na hÉireann agus níos faide i gcéin.[3] Ach, toisc go raibh sé óg, sna fichidí, agus é ag baint súip as an saol ar nós réalta rac-cheoil, níor cothaíodh riamh íomhá an laoich gan smál. Mar sin féin, chuir a iompar díomá ar a lán. Bhí Best tugtha do na mná agus don ól.[4]

Ba é Best an chéad rac-réalta sacair. An chéad imreoir a bhí ina entrepreneur. D’oscail sé clubanna oíche agus búitící faisin ina ainm féin. Bhí raon speisialta cumhráin amuigh aige, ‘Grooming aids for men – ‘Fore’ brings out the Best in a man.’[5]

Má bhí Best beannaithe idir mhná, na mílte díobh, is cosúil, bhí triúr ban eisceachtúil a sheas leis in am an ghátair. A chéad shearc i Londain, an mainicín Jackie Glass, Angie MacDonald-Janes, an chéad bhean chéile aige, agus aingeal coimhdeachta bhlianta dorcha na nóchaidí, Alex, an compánach a d’fhan leis chomh fada le béal na huaighe.[6] B'shin í Jackie Glass an t-aon bhean riamh a thug bata agus bóthar do George Best, ar bhonn minicíocht a chuid imeartha as baile.[5]

Streachailt leis an alcólachasCuir in Eagar

 
múrphictiúr, Béal Feirste

D'ainneoin a cheird iontach, bhí fadhbanna aige i gcónaí le halcól, agus d'éirigh sé as an spórt nuair a bhí sé fós óg.

Ní raibh Best ábalta a andúil a smachtú, agus tugadh ae marbháin dó dhá uair mar go raibh teipthe ar a ae. “Ní bheidh deireadh leis an streachailt go dtí go bhfaighidh mé bás,” a dúirt sé agus an chuma air gur ag géilleadh go suaimhneach dá chinniúint a bhí sé.[7] Lean sé den ól. Fuair sé bás i 2005 de bharr teipeadh ae.[8]

Fuair Diego Maradona bás ar an lá céanna (taom croí) ná George Best, 25 Samhain agus 16 bliain níos déanaí agus 60 bliain d'aois aige.[9]

EolasCuir in Eagar

Seoladh George Best – All On My Own ag Féile Scannán Bhéal Feirste ar 16 Feabhra 2017. Féach anseo.[10]

TagairtíCuir in Eagar

 
múrphictiúr, Béal Feirste
  1. Colm Mac Séalaigh. "Johnny Giles" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-25.
  2. Youtube (1981). "George Best: Greatest NASL Goal Ever; George Best of the San Jose Earthquakes scored this fantastic goal against the Ft. Lauderdale Strikers on July 22, 1981 at Spartan Stadium". Dáta rochtana: 2020.
  3. Colm Mac Séalaigh (Iúil 2011). "Laochra Spóirt" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-26.
  4. Frances Mulraney (2014-04-23). "Laochra Caithréimeacha an Spóirt" (ga). Trinity News. Dáta rochtana: 2020-11-26.
  5. 5.0 5.1 Pat Butler (2017). "‘Maradona Good, Pelé Better, George Best’ – labhraíonn scannán nua faoin draoi sacair go líofa linn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-25.
  6. "‘Maradona Good, Pelé Better, George Best’ – labhraíonn scannán nua faoin draoi sacair go líofa linn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-25.
  7. Robert McMillen. "Am an-chontúirteach romhainn" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-25.
  8. "Football legend George Best dies" (en-GB) (2005-11-25). Dáta rochtana: 2020-11-25.
  9. Warren Muggleton (2020-11-25). "Best's son pays tribute to Maradona - 15 years to day of Man Utd hero's death" (en). Dailystar.co.uk. Dáta rochtana: 2020-11-26.
  10. Jensackermann. "30 For 30 S03E25 George Best All By Himself part 1/2 - Dailymotion Video" (tr-TR). Dailymotion. Dáta rochtana: 2020-11-25.