George Graham (déantóir clog)

Déantóir clog, ceapadóir agus geofhisiceoir Sasanach ab ea George Graham (Kirklinton, Cumberland, 7 Iúil 1673 – Londain, 20 Samhain 1751). Ball de Chumann na gCarad a bhí ann dála a chomhghleacaí, Thomas Tompion. Sa bhliain 1688 agus é 15 bliana d'aois thug sé aghaidh ar Londain le dul chun oibre faoi Tompion. Ní ba dhéanaí, phós sé Elizabeth Tompion, neacht le Thomas.

George Graham (déantóir clog)
Graham portrait.jpg
Saol
Eolas breithe Cumberland (en) Aistrigh, Iúil 7, 1673
Náisiúntacht Ríocht na Breataine Móire
Bás Londain, Samhain 20, 1751
Áit adhlactha Abtheach Westminster
Gairm
Gairm watchmaker (en) Aistrigh, cumadóir agus geoifisiceoir
Duais
Ballraíocht Cumann Ríoga

D'éirigh Graham ina chomhpháirtí de Thomas Tompion sna blianta deiridh. Cuirtear ina leith roinnt feabhsúchán i ndearadh na gclog luasctha, an luascadán mearcair agus i mionsamhlacha clogoibritheacha na bpláinéad (orreries). Rinneadh Máistir Chuideacht Onórach na nDéantóirí Clog de sa bhliain 1722.

Ar an líon mór printíseach a d'oibrigh faoi Graham bhí Thomas Mudge, duine a bhain amach clú dó féin mar dhéantóir clog freisin. Chaith sé seo na blianta 1730–1738 ag obair faoi Graham.