Gerald R. Ford
Bhí Gerald Rudolph Ford, Jr. (14 Iúil 1913 - 26 Nollaig 2006) ar an 38ú hUachtarán na Stát Aontaithe, a tháinig i gcomharbacht ar Richard Nixon nuair ab éigean dó siúd éirí as an Uachtaránacht i 1974. B'é Ford an chéad uachtarán a fuair an post gan bhua i dtoghchán (d'éirigh Nixon as oifig de bharr Watergate), agus an t-aon duine a raibh poist an Leas Uachtaráin agus an Uachtaráin ina sheilbh.[1]
Pearsanta
cuir in eagarTogha peileadóra a bhí i Ford – chomh maith sin agus gur thairg na Detroit Lions agus na Green Bay Packers conarthaí imeartha dó nuair a d’fhág sé an ollscoil. Níor bhac sé leo agus lean cosán an dlí, an airm agus na polaitíochta gur thuill an cháil dó féin. Is éard a dúirt Uachtarán eile, Lyndon Johnson, faoi to tarcaisneach, ‘He’s a nice fellow but he spent too much time playing football without a helmet’.[1][2]
Fuair Ford bás ar 26 Nollaig 2006 sa bhaile i Rancho Mirage, California. Bhí a bhean chéile agus a thriúr mac ann.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Mártan Ó Ciardha (5 Feabhra 2017). "‘Má dhéanann Trump an dara téarma beidh Conamara uilig sciúrtha agam dá bharr!’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-20.
- ↑ "Gerald R Ford" (en-GB). The Independent. Dáta rochtana: 2025-01-20.
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |