Giovanni Trapattoni
Is iar-imreoir peile Iodálach atá ag obair ina thraenálaí inniu é Giovanni Trapattoni, a rugadh i Milano na hIodáile ar an 17 Márta, 1939. Bhí sé i gceannas ar fhoireann náisiúnta na hÉireann ar feadh cúig bliana ó 2008 go 2013. Bhuaigh sé trí Scudetto (craobh na hIodáile) agus Corn na hEorpa faoi dhó mar chosantóir agus imreoir lár páirce leis an Milan.
Chaith sé tréimhse fhada rathúil mar thraenálaí le foireann na hIodáile, Bayern München i mBundesliga na Gearmáine, A.C. Milan, Internazionale agus Juventus i Serie A na hIodáile agus an fhoireann Ostarach, Red Bull Salzburg.
Is é Giovanni Trapattoni an traenálaí Iodálach is rathúla ag leibhéal na gclubanna: tá deich dteideal náisiúnta i gceithre thír dhifriúla buaite aige. Bhuaigh sé gach comórtas club UEFA agus an Corn Idirilchríochach nuair a bhí sé ina bhainisteoir ar Juventus.
Gairmréim
cuir in eagarImreoir
cuir in eagarIn úsáid mar imreoir lár páirce a bhí tugtha don chosaint nó mar fíorchosantóir, bhí ról lárnach ag Trapattoni i Milan Nereo Rocco. Bhaineadar an scudetto faoi dhó, Corn na hEorpa faoi dhó, Corn na gCorn uair amháin agus Corn Idirilchríochach amháin, chomh maith le Coppa Italia 1966-67.
Chaith sé ceithre shéasúr déag ag imirt le Milan, 274 cluiche sraithe san iomlán. Ina dhiaidh sin chaith sé séasúr amháin le Varese, ansin d’éirigh sé as.
Traenálaí
cuir in eagarIs é Giovanni Trapattoni an t-aon traenálaí sa domhain, in éineacht leis an Ostarach Ernst Happel, craobh náisiúnta a bhuachaint i gceithre thír dhifriúla (iomlán de dheich dteideal náisiúnta san Iodáil, Gearmáin, Portaingéile agus an Ostair) agus faoi láthair, tá sé an ceathrú traenálaí sa domhain (an dara san Eoraip) don líon na trófaithe idirnáisiúnta ag leibhéal club buaite.[1]
In éineacht leis an Gearmánach Udo Lattek, is é Trapattoni an t-aon traenálaí na trí príomh-comórtais UEFA don club a bhuachaint. Tá sé an aon traenálaí gach comórtas club UEFA a bhuachaint freisin (gach leis an Juve) agus coinníonn sé uimhir curiarrachta de thrófaithe buadh i gCorn UEFA le trí buanna.
Liosta trófaí
cuir in eagarImreoir
cuir in eagarComórtais náisiúnta
cuir in eagar- Serie A: 3
- Milan: 1958-59, 1961-62, 1967-68
- Coppa Italia: 1
- Milan: 1966-67
Comórtais idirnáisiúnta
cuir in eagar- Milan: 1962-63, 1968-69
- Corn na gCorn: 1
- Milan: 1967-68
- Corn Idirilchríochach: 1
- Milan: 1969
Traenálaí
cuir in eagarComórtais náisiúntacuir in eagar
|
Comórtais idirnáisiúntacuir in eagar
|
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Trapattoni climbs another mountain". FIFA.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-11-10. Dáta rochtana: 2010-07-08. (en)
Naisc Sheachtracha
cuir in eagar- Staitisticí idirnáisiúnta (FIGC) Curtha i gcartlann 2015-06-10 ar an Wayback Machine (it)
- Staitisticí FIFA Curtha i gcartlann 2012-04-11 ar an Wayback Machine (en)
- Staitisticí i gcoirn Eorpacha (RSSSF) (en)
- Ráiteas an FAI faoi cheapachán Trapattoni (en)