Oibreán blaistithe a úsáidtear chun blas feola a fheabhsú (MSG i mBéarla), a chuirtear le han-chuid bianna próiseáilte a bhfuil feoil nó úsc feola iontu. Bhíodh scanradh ann go gcuirfí an iomarca MSG sa chothú, mar shampla i mbéilí ó phroinntithe Síneacha. Ach asúitear í i bhfoirm aigéid ghlútamaigh sa cholainn, an t-aimíonaigéad nádúrtha is flúirsí san imshruthú fola, agus b'fhíordheacair a thiúchan sa bhfuil a mhéadú le béile nó dhó. Glactar leis gurbh iarmhairt shíceasómatach é ‘siondróm an phroinntí Shínigh’. Mar sin féin, ní cheadaítear do dhéantúsóirí MSG é a chur i mbianna i gcomhair naíonán is leanaí.[1]

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachGlútamáit aonsóidiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach169.035 Da
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachC₅H₈NNaO₄
SMILES canónta
Model 2D
C(CC(=O)O)C(C(=O)[O-])N.[Na+]
SMILES isiméireach

[H+].[Na+].N[C@@H](CCC([O-])=O)C([O-])=O
InChIModel 3D
Airí
Pointe leáite165 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe dianscaoilte225 °C Cuir in eagar ar Wikidata
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Glútamáit aonsóidiam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 324.