Gníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach

Is í an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach (GCE) an comhlacht san Aontas Eorpach (AE) atá tiomnaithe d’fhaisnéis iontaofa, neamhspleách a chur ar fáil maidir leis an gcomhshaol.

Bosca Sonraí EagraíochtaGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach
(en) European Environment Agency Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrAEE agus EEA Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldecentralised agency of the European Union (en) Aistrigh
Agencies, decentralised independent bodies and joint undertakings of the European Union (en) Aistrigh (1990–) Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1990
7 Bealtaine 1990
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Stiúrthóir/bainisteoirHans Bruyninckx Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe200 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir de
Ozoneweb (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáineea.europa.eu Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: European.Environment.Agency Twitter: euenvironment LinkedIn: european-environment-agency Youtube: UCII_6TPyf8QHiEZzm8ruStQ Flickr: europeanenvironmentagency GitHub: eea Cuir in eagar ar Wikidata

Is í an príomhfhoinse faisnéise dóibh siúd a bhfuil baint acu le beartas comhshaoil a fhorbairt, a ghlacadh, a chur i bhfeidhm agus a mheas, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne.

Cuimsíonn ballraíocht an GCE Ballstáit an AE, ach is féidir le tíortha nach Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh iad a bheith ina mbaill freisin.

Tá 32 tír ina mbaill anois: an 27 Ballstát de chuid an AE i dteannta leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, an Eilvéis agus an Tuirc. Chuir an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chróit, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró agus an tSeirbia iarratas isteach ar bhallraíocht i gcomhpháirt agus táthar i mbun comhoibrithe cheana féin leis an GCE le roinnt blianta anuas.

Ghlac a tAontas Eorpach leis an rialachán[1] chun an GCE a chur ar bun sa bhliain 1990. Tháinig sé i bhfeidhm go déanach sa bhliain 1993 díreach tar éis an chinnidh chun a ceanncheathrú a bheith lonnaithe i gCóbanhávan. Cuireadh tús le hobair i ndáiríre sa bhliain 1994.

Is é an tOllamh Jacqueline McGlade Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta faoi láthair.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (leagan códaithe)(http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2009:126:0013:01:GA:HTML[nasc briste go buan])